Snáth Gaeilge

Started by An Cloch Scoilte, April 27, 2007, 02:23:49 PM

Previous topic - Next topic

5 Sams

Bhí siad ag caint faoi shaol Hughie. Bhí sé posta trí huaire. Bhí sé ina chónaí i Sasana, ag obair sna"tunnels" agus bhí £200 sa seachtaine aige sna 70s. Ansin bhog sé go Meiricea agus bhí neart airgead a shaothrú thall ansin aige fosta.

Ach is é an rud atá ann na gur ól sé an cuid is mó den airgead. Duirt sé go raibh leath buidéal aige ag am bhricfeasta , ceann amhain eile ag am tae, ceann amhain eile am lóin, agus araile.....agus é ag obair mar siúinéir ar dhíon :o :o

Doiligh a chreidbheal go bhfuil sé beo go fóill.

Tá an clár ar fáil anseo.

http://beo.tg4.ie/main.aspx?content=627827970049
60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

Farrandeelin

Quote from: IolarCoisCuain on May 29, 2007, 08:35:03 PM
Níl mórán le rá agamsa a stócaigh, ach bhí an snáithín seo ag titim síos beagán agus sílimse féin gur chóir duinn an Ghaeilge a choinnéal ar an gcéad leathanach más fhéidir linn. Baineann níos mó leis an gCLC ná na cluichí amháin. ;)

Bhí mise ag breathnú siar ar mo chuid ráiméis a bhí scríofa agam thart deich mbliana ó shin, (i ngach snáth). Theip orainn uilig an snáth a choimead ar an gcéad leathanach, mar a dúirt ICC i 2007.

Is dócha go gcreideann sibh go bhfuil me as mo mheabhair an snáth so a aiseiriú. ;D
Inaugural Football Championship Prediction Winner.

Rossfan

Déanaimid cuile rud ar son na Gaeilge ach í a úsáid no a labhairt.
Triple Connacht Champions

Fear Bun Na Sceilpe

Ní bhfuair muid Acht na Gaeilge, agus níl mórán ráite faoi

dec

An úsáideann éinne https://www.foclach.com/ wordle as Gaeilge

An Astrail

Quote from: dec on March 14, 2022, 03:33:14 PM
An úsáideann éinne https://www.foclach.com/ wordle as Gaeilge

Tá. Mar fhoghlaimeoir is iontach an stór focal é, le cabhair ón bhfoclóir ar ndóigh.

Farrandeelin

#201
Quote from: dec on March 14, 2022, 03:33:14 PM
An úsáideann éinne https://www.foclach.com/ wordle as Gaeilge

Ní usáideann mise é, ná wordle i mBéarla, ná heardle ná aon ceann de na 'les'. B'fhéidir gur chóir domsa triail a bhaint as foclach le haghaidh snas a chur ar an méid ghaeilge atá agamsa.
Inaugural Football Championship Prediction Winner.

Rossfan

An féider linn an snáth seo a choimeád beo as seo amach?
Triple Connacht Champions