Seachtain na Gaeilge - Áth Cliath v Maigh Eo. 20ú (nó an 18ú) Marta 2011

Started by IolarCoisCuain, March 13, 2011, 10:35:51 PM

Previous topic - Next topic

IolarCoisCuain

Cuireann dhá fhoireann ar bhealaí difríochta adharca ar a cheile anseo - Áth Cliath ar bharr an bhoird agus Maigh Eo bocht tar éis dhá chailliúnt i ndiaidh a cheile, agus daoine ag éirí buartha arís sa mbinnchontae Mhaigh Eo.

Cad a ndéanfaidh James Horan? An leanfaidh sé ar aghaidh ag feachaint ar imreoirí difríochta, ná an chóir dó a fhoireann Craoibhe a roghnú anois, agus leanúint leosan as seo amach?

Agus cad faoi Pat Gilroy? Beidh an t-inneall "hype" na cathrach ag cur deataigh go mór agus na buachaillí ghorma ar bharr an bhoird. An dtiocfaidh an smaoineamh do b'fhéidir nach mbeadh an scéal chomh dona sin dá dteipfidís lá éigin, agus an brú a ndéanamh níos ísle? Nó an leanfaidh sé mar atá sé, agus gach rud ag teacht leo?

Agus cathain a n-imreofar an chluiche? Dé hAoine nó an Domhnach? An bhfuil seans oíche mór istigh i gCoppers ag lucht leannúna Mhaigh Eo tar éis tráthnóna deas peile agus óil an fós?

fearsiuil

Quote from: IolarCoisCuain on March 13, 2011, 10:35:51 PM
Agus cathain a n-imreofar an chluiche? Dé hAoine nó an Domhnach? An bhfuil seans oíche mór istigh i gCoppers ag lucht leannúna Mhaigh Eo tar éis tráthnóna deas peile agus óil an fós?

Ar an Domhnaigh a bheidh sé, cluichí na gclub a bhí le imirt an Domhnaigh seo chugainn cuirteadh ar athló de bharr an athrú. Tar éis na droch scéalta peil sa bhaile í gCaisleán a' Bharraigh le cúpla lá ardoidh bua í gcoinne Áth Cliath ár neart, táim ag súil go bhfuil troid fágtha ionainn mar ní leoir buachaillí deasa le cad atá ós ár gcomhair amach.

Tatler Jack

Níl fadhb ar bith i Mhaigh Eó agus tá Horan ag leanúint lena "5 point plan" féin agus é ag ullmhú don craobh níos déanaí sa bhliain. Tá roinnt tástálacha ar siúl agus Horan ag iarraidh na n-imreoirí is fearr a aimsiú agus sílim nach bhfuil sé ró buartha faoi na dtorthaí. É sin ráite bhí seansanna acu na cluichí i gcoinne Ciarraí agus Ard Mhaca a bhucaint agus le beagánín níos mó chruinnis bheadh cúpla póinte níos mó acu agus iad slán ón ílíú. Ar an láimh eile cé go bhfuil siad ar barr an thábla bhí roinnt áidh ag Baile Atha Cliath an Domhnach seo caite i gCluain Eois. Ach tá siad ag gluaiseacht go maith agus beidh sé deacair iad a bhualadh i bPairc an Chrócaigh go mórmhór más rud é go mbeidh siad in ann cúil a scóráil – mar is nós acu.
Ceapaim nach mbeidh mórán eatarthu agus ní bheadh ionadh orm má chríochnoidh an cluiche seo ar chomhscór.

AbbeySider

Is é mo uafásach ach droch-Ghaeilge mo dhícheall anseo le cúnamh

Déanfaimid buille an Dubs ar na cúiseanna seo a leanas:
1. Ardaitheoir againn i gcónaí ar ár cluiche nuair a imirt ar na Dubs
2. Ba chóir go Ár luas agus folláine agra dúinn sna spásanna oscailte ar fud an Pháirc an Chrócaigh
3. Tá muid as an tír, ná déan dearmad go

Dia google translate

IolarCoisCuain

Chonaic mé san Herald go mbeidh Brogan fillte ar áis ó Meiriceá. Ní n-imreoidh sé ón dtús, ar ndóigh, ach fear maith ar an mbinse más gá d'Áth Cliath é.

Suimiúil go leor go bhfuil Tatler ag smaoineamh ar cluiche ar chomhscór. An é sin geall na seachtaine? B'fhéidir gur choir dúinn fanacht ar foilsithe na foirne fós.

westmayo

Is cluiche mór do Mhaigh Eo. Tá líon na n-imreoirí beidh a bhfuil a seasamh suas agus a áireamh ar an Domhnach. Bhaile Átha Cliath i bhfoirm eitilt i láthair na huaire, ach mar sin bhí muid an am seo anuraidh, agus nach raibh orainn a fháil ar a mhéad sa deireadh.

spectator

Fadbh amháin atá ag James Horan agus na peiladoirí Maigh eo, dar liomsa, ab ea go bfhuil na lucht-tacaiochta sa chontae ro-mífhoighneach do rath. Sea, bhí dea-sceala do James agus na h-imreoraí go dtí an phointe seo, ach tar éis cupla cluichí a raibh caillte acu sa sraith peile, táim cinnte go bhfuil na fans ag scrúdu go mion gach uile chinneadh a dheannan sé go dtí seo. Cé nach bfhuil sé éasca fhoireann nua a thógáil, go háirithe nuair atá tú ag snámh le na sharks í Roinn a h-Áon, ceapaim go bfhuil aon no cupla de na fans ag mothu díoma agus amhras toisc nár eirigh leis an fhoireann na cluichi sin a bhuaigh. Is fadbh bídeach é ag an am seo áfach. Tá a lán dea-sceal ag na fans do James fós. Ach cad a tharlódh da mbeadh siad ag dul síos go Roinn a Dó ag deireadh na sraithe seo agus da mbeadh samhraidh ghearr arís i mbliana ag Maigh eo? Bhuel, is drochsceal é sin do James Horan má tharlóidh sé. B'fheidir go bhfuil gá ar Horan na ceannairí laidre a roghnu le cheile anois i ngach cluiche chun na h-imreoraí gan taithi a thiomaint ar aghaidh. Chomh maith le sin, silimgo bfhuil gá air fhoireann comhsheasmhach a roghnú as sin amach imo. Mura dheanfaidh sé sin agus leannann sé ar aghaidh ag piocadh foireann difriocht gach Domnach, tá seans mór go gcaillfidh an fhoireann na cluichí eile agus b'fheidir go gcaillfidh na peiladoirí a féin-mhuinín? Ní gá a rá nach mbeidh na fans sasta leis an toradh seo freisin. Ansin, nuair a tharlóidh siad ag freagra an bainnisteoir agus na peiladoirí, beidh sin tús le fadbhanna eile do James. Is cluiche fíor thábachtach do Maigh eo, an cluiche seo. Da mbuafaidh siad é ceapaim go mbeidh siad sabhailte i Roinn a h-Áon. Mura mbuafaidh siad é áfach ... níl fhios agam, mar táim cinnte go dtabharfaidh Cocaigh agus Muineachain cluichi fíor-dheachair dóibh as sin amach.

IolarCoisCuain

Quote from: spectator on March 16, 2011, 12:18:12 AM

A Spectator, a chara, tá tuiscint maith agat ar lucht leanúna Mhaigh Eo. Tá foighne chomh h-annamh sa mbinnchontae Mhaigh Eo mar atá boinn Uile Éireann. Is gá dúinne an radharc fada a choinnéal ós ár gcomhair, ach teipimid go minic agus bímid á chaineadh againn féin uairteanta nuair nach bhfuil gá dúinn é a dhéanamh. Breatnaíonn muintir Mhaigh Eo siar ar 1996 agus feiceann siad tubáiste in ionad ceann de na Samhraidh is fearr ag Maigh Eo riamh. Deireadh tubáisteach, cinnte, ach Samhradh iontach.

Bhí daoine ar an tuairim ag ceann na bliana seo nárbh locht é dá dtitfeadh Maigh síos go Roinn 2 ach, nuair atá an baol ann mar atá anois, athraíonn an scéal. Ach bhíodh, bíonn agus beidh an scéal mar seo, agus caithfidh James Horan leanúint le seo mar atá air leanúint le rudaí eile nach dtaitníonn leis.

Lar Naparka

Quote from: AbbeySider on March 15, 2011, 02:37:30 PM
Is é mo uafásach ach droch-Ghaeilge mo dhícheall anseo le cúnamh

Déanfaimid buille an Dubs ar na cúiseanna seo a leanas:
1. Ardaitheoir againn i gcónaí ar ár cluiche nuair a imirt ar na Dubs
2. Ba chóir go Ár luas agus folláine agra dúinn sna spásanna oscailte ar fud an Pháirc an Chrócaigh
3. Tá muid as an tír, ná déan dearmad go

Dia google translate
Maithiú a Abbey, ná bíodh náire ar bith ort de bharr do chaideán Ghaeilge.
Tuigim gan stró gach ní a scríobh tú.
"Ye're suckin'd diesel," mar a déarfá!
Tá James agus na leads atá aige ag feabhsú diaidh ar ndiaidh agus níl meas madaí agam ar an lucht tacaíochta atá ag éirí mí-fhoigneach anois.
Ag tús na Sraithe Naisiúnta an bhliain seo, ba é James an t-aon bainisteoir amháin nach raibh painéal socair aige. Bheul, is féidir a rá go bhfuil Tomás Ó Fatharta freisin i bponc de bharr sin ach níl cursaí I nGaillimh leath comh casta is atá siad in ár gcontae álainn féin.
Níl na h-imreitheoirí ag Ó Fatharta agus ní féidir an saol capall rás a dhéanamh as asal. Ní mar sin atá cursaí i Maigheo afach agus tá chuile seans ann go mbeidh foireann reasúnta chumasach ag ár mbainisteoir féin nuair a thosnaíonn an Comórtas i mí Bhealtaine.
Má eiríonn an lá linn i gcoinne na Dubs beidh áthas orm gan dabht ach nílim ag súil le tada ach taispeántas chroíúil agus feabhas de shaghas éigin le feiceál ar an bpairc imeartha.
Tiocfaidh ár lá, mar a deireann na Shinners agus tá an lá sin ag druidim níos ghaire dúinn an t-am ar fad!
Nil Carborundum Illegitemi

IolarCoisCuain

'Sí an plé is mó sa mbaile anois an méid athrú a ndéanann James Horan gach seachtain. Táim féin ar an tuairim ní h-amháin go bhfuil an cheart aige athraigh, ach gurb fhéidir linn foirneann Craoibhe a fheicéail anois cé go bhfuil an fhoireann á n-athrú gach seachtain. Nó an chuid is mó di.

'Sé an lán-cúlaí an cúis bhuartha is mó agam, ach seachas sin sílim go bhfuil cnámha na foirne Craoibhe aige anois. Níl sé seo ach mo thuairim féin, agus déanann gortaithe scríos ar gach seift, ach seo mo bhuaille faoi thuairim ar fhoireann craoibhe Mhaigh Eo:

Clarke
CuniffeDuine EileBarrett
R FeeneyCafferkeyMcLoughlin
McGarrityDuine Eile
CampbellDillon (c)A Moran
A O'SheaA FreemanDoherty

Ceisteanna
1. An bhfuil siad láidir a ndóthain? Cúis buartha eile tar éís an cluiche in aghaidh Áird Mhaca.
2. Ab fhéidir leo sealbh a ndótain a fháíl?
3. Ab fhéidir leo liathróid a chur isteach chuig na dtosaithe?
4. Ab fhéidir leis na tosaithe scóráil a ndóthain?

Na sean-cheisteanna i gcónaí. Má tá na New York Yankees agat, éireoidh leat. Mura bhfuil agat ach na Pittsburgh Pirates, beidh tú ag síleadh na ndeor lá is oíche.

Tatler Jack

QuoteCeisteanna
1. An bhfuil siad láidir a ndóthain? Cúis buartha eile tar éís an cluiche in aghaidh Áird Mhaca.
2. Ab fhéidir leo sealbh a ndótain a fháíl?
3. Ab fhéidir leo liathróid a chur isteach chuig na dtosaithe?
4. Ab fhéidir leis na tosaithe scóráil a ndóthain?

Sea, Sea, Sea agus Sea!!!!  Bí dearfach - sin an comhairle ón Enda anocht!!!

QuoteFadbh amháin atá ag James Horan agus na peiladoirí Maigh eo

Má tá ciall ar bith ag Horan ní thabhairfaidh sé aon aird ar tuairimí na "gcustaiméirí.".  Tá an ceart aige an sraith a úsaid chun triall a bhaint as imreoirí nua agus plean nua gan bheith ró-imníoch faoi dícháiliú. Anuaraidh shroich sibh cluiche ceannais an tsraith agus féach cad a tharla!!
Sea tá an cluiche an Domhnach beag seo tábhachtach ach ní deireadh an tsaoil é má chailleann siad. Tá  fhios ag Horan go bhfuil painéal laidir aige agus gach seans go mbuafaidh siad an craobh i gConnacht  an bliain seo (ar a laghad). 
Maidir leis an cluiche i gcoinne na Dubs measaim go bhfuil gach seans ag Maigh Eó ach fanfaidh mé dilís le mo réamhaisnéis go gcríochneoidh na foirne ar chomhscór.

Lar Naparka

Quote from: IolarCoisCuain on March 18, 2011, 11:10:56 PM
'Sí an plé is mó sa mbaile anois an méid athrú a ndéanann James Horan gach seachtain. Táim féin ar an tuairim ní h-amháin go bhfuil an cheart aige athraigh, ach gurb fhéidir linn foirneann Craoibhe a fheicéail anois cé go bhfuil an fhoireann á n-athrú gach seachtain. Nó an chuid is mó di.

'Sé an lán-cúlaí an cúis bhuartha is mó agam, ach seachas sin sílim go bhfuil cnámha na foirne Craoibhe aige anois. Níl sé seo ach mo thuairim féin, agus déanann gortaithe scríos ar gach seift, ach seo mo bhuaille faoi thuairim ar fhoireann craoibhe Mhaigh Eo:

Clarke
CuniffeDuine EileBarrett
R FeeneyCafferkeyMcLoughlin
McGarrityDuine Eile
CampbellDillon (c)A Moran
A O'SheaA FreemanDoherty

Ceisteanna
1. An bhfuil siad láidir a ndóthain? Cúis buartha eile tar éís an cluiche in aghaidh Áird Mhaca.
2. Ab fhéidir leo sealbh a ndótain a fháíl?
3. Ab fhéidir leo liathróid a chur isteach chuig na dtosaithe?
4. Ab fhéidir leis na tosaithe scóráil a ndóthain?

Na sean-cheisteanna i gcónaí. Má tá na New York Yankees agat, éireoidh leat. Mura bhfuil agat ach na Pittsburgh Pirates, beidh tú ag síleadh na ndeor lá is oíche.

Bfhéidir go bhfuil James 'ag tóiníocht thart an iomarca' mar a bhíodh le rá mo sheanmhúinteoir na blianta fada ó shin. Ach i mo thuaraim féin, níl dul as aige.
Bhí An Messiah ag tiontú agus ag athrú comh minic sin go raibh gach baol ann go n-imeoidh sé thuas a thóin féin uaireanta. Cheithre  seasúr a dfhulingeamar é agus gach ceann acu níos measa ná an ceann a chuaigh roimhe.
Níl James i gceannas ach tamaillín beag agus, dar liomsa ar aon nós, tá gach seans ann go mbeidh foireann socraithe de shaghas éigin aige roimh tús na Craoibhe.
Agus an méid sin ráite agam,cuireann sé ionadh orm go bfhuil Barrett tofa aige mar lán taca.
Is lead cróga é gan amhras agus imreóir éifeachtach chomh maith ach tá sé fíor-bheag  agus beidh fadhbanna aige agus é ós comhair na cearnóige.
Feicimid an scéal ar an Domhnach.
Cím go bhfuil Jimmy Kilcullen i lár na páirce ag Horan freisin. Tá sé beagainín mall agus ciotach gan dabht le bheith san ionad sin agus dá raibh mise ag piocadh na foirne bheadh sé in áit Barrett.
Is fíor  nach mbíonn craic ar fáil gan conspóid agus argóint.Is muintir Mhaigheo sinn i ndeireadh na dála!
Nil Carborundum Illegitemi

spectator

Tá an ceart agaibh, tá gá ar Horan a fhoireann níos laidre a lorg i rith na tsraithe seo. Agus tá fíor ceart agat freisin TJ go bfhuil Maigh Eo an fhoireann níos laidre amach is amach sa cheantar. Cé nach bfhuil meas ar na lucht feachanna Maigh Eo le Craobh Connachta a bhuachaint, bfheidir go mebidh sé ceart go leor dóibh i mbliana le foireann nua athruite. Tá cinnte orm go dtabharfaidh Horan an chluas bodhar do na lucht feachanna a mbeidh ag gearán faoi rudaí maidir le roghnú an fhoireann srl, ach beidh air bheith cúramach na bfhans a choiméad ar a thaobh ag an am cheanna. Iolar - ta iontas orm nach bfhuil Keith Higgins i do bfhoireann craoibhe. Cén fath? Nach mbeidh sé timpeall na h-aite, nó nach roghnóidh Horan é de dheasca easpa cluichí aige sa sraithe, no céard?