Snáth Gaeilge

Started by An Cloch Scoilte, April 27, 2007, 02:23:49 PM

Previous topic - Next topic

An Cloch Scoilte

Quote from: Rois on May 23, 2007, 01:00:13 PM
Lan ar aghaidh cinnte, ce nach bhfuil me in ann moran gaeilge a scriobh na laethanta seo, ta dearmad deanta agam ar chuid is mó de  >:(, ach bainim sult as an snath seo a leamh.  

Tá scoth na Gaeilge agat Rois!!

Thoisigh mé ag éisteacht leis an Domhnach Mór, ach bhí cluiche agam ar a 7,stád mé ag éisteacht leis i ndiaidh fiche bomaite nó mar sin!! Bainim sult as an bheirt sin ag caint!! Bíonn cuid mhór le rá ag Lynette fá Thír Eoghain, agus Fearghal fá Dhoire!! Tá Dúnach de dhiobhal ar an chlár sin!!

ParisGAA

Duine ar bith ag teagasc no ag obair mar cheannaire no mar mhuinteoir spoirt i nGaeltacht ar bith i mbliana (go hairithe Tir Chonaill)?

Rossfan

Leanaimís lais an snáth seo.
Braoinín beag de'n cultúr Gaelach i measc an Aigéan Sacs/Meiriceánach ina bhfuilimid ag snámh na leathanta seo.
Davy's given us a dream to cling to
We're going to bring home the SAM

faithful7

An bhfuil na daoine ar an gClár seo atá báiúil don Ghaeilge, sásta go bhfuil a ndóthain á dhéanamh ag CLG an Ghaeilge á chur ar aghaidh agus a úsáid ina gcuid gnóthaí. An leor é liostaí fóirne a scriobh trí mhéan na Gaeilge agus bheith sásta leo féin gur éacht mór é sin ar son na Gaeilge.

Measaim nach bhfuil ansin ach 'cur i géil' ag Páirc an Chróchaigh. I mo thuairimse, ba chóir i bhfad níos mó Gaeilge a úsáid ag CLG ina gcuid gnóthaí. Caithfidh siad dul níos faide ná ...' Tá áthas orm .... ' agus 'A Chairde Gaeil'

An Cloch Scoilte

Quote from: faithful7 on May 24, 2007, 08:39:21 PM

Aontaím go huile is go hiomlán leat faithful7. Tá dualgas romhainn agus roimh an CLG an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid gnothai, mar a deir sé sna rialacha! (Riail 3 silím).

Mura dheantar seo, agus ní dhéantar seo ag na cluichí móra na sraithe nó fiú sa chraobh.

Ag na cluichí craobhe an chontae, ní fheiceann muid mórán den Ghaeilge, agus tá ról tábhachtach ag na fóchoistí na Gaeilge in achan chontae in Éirinn chun an fhadhb seo a réiteach!! Is iadsan na daoine leis an Ghaeilge, agus is iadsan na daoine leis an 'chumacht' leis an srúth seo a athrú!!

An Cloch Scoilte

Tchím go bhfuil Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn thíos i gCorcaigh!!!

Beidh an foireann sin ó hIarthar Bhéal Feirste ag glacadh páirte sa Chomórtas don chéad uair!!! Ádh mór orthu!!

faithful7

Beidh an-deireadh seachtaine acu i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gComórtas Peile na Gaeltachta. De ghnáth bíonn an craic agus an caidreamh go h-iontach - n'fheadar faoin bpeil! Tá Páirc Peile álainn acu ansin anois, deirtear liom agus beidh na sluaite ag déanamh ar an mbaille le teacht an deireadh seachtaine agus an lá Saoire Bainc. Tá súil agam go mbeidh an aimsir acu chuige.

An Gaeilgoir

Beidh muid ann freisin, na fir o iathiar Mhuigheo! ;)

Fear ón Srath Bán

Quote from: An Cloch Scoilte on May 28, 2007, 08:12:43 PM
Tchím go bhfuil Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn thíos i gCorcaigh!!!

Beidh an foireann sin ó hIarthar Bhéal Feirste ag glacadh páirte sa Chomórtas don chéad uair!!! Ádh mór orthu!!

Go n-éiri an bóthar leo, na fir as Iarthar Bhéal Feirste ar a chéad uair riamh sa comórtas sin. Maith siad :)
Carlsberg don't do Gombeenocracies, but by jaysus if they did...

IolarCoisCuain

Níl mórán le rá agamsa a stócaigh, ach bhí an snáithín seo ag titim síos beagán agus sílimse féin gur chóir duinn an Ghaeilge a choinnéal ar an gcéad leathanach más fhéidir linn. Baineann níos mó leis an gCLC ná na cluichí amháin. ;)

dodo

Maidir le Comortas peil na Gaeltachta, cad e an sceal leis na peileadoiri idirchondae ? Sin le ra a bhfuil cead acu imirt no an mbraitheann se ar an chondae agus cathain a bhfuil siad ag imirt sa chraobh ?

Bheinn a cheapadh go mbeadh foireann an laidir go Deo ag an Gaeltacht as Ciarrai, na triur O Se.
Gaoth Dobhair, Dun na nGall ta triur eile acu siud (Kevin Cassidy, Eamonn agus Neil McGee)

5 Sams

QuoteComortas peil na Gaeltachta

Bímse ag amharc ar an chomortas seo achan bhliain ach ní bhíonn moran Gaeilge le cloisteal ar an pháirc....tá fhios agam go usáidtear an Ghaeilge ag Tomas, Marc, Darragh srl an tám ar fad agus ag iad ag imirt péile.....cad é fa foirne Gaeltachta Thír Chonaill?
60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

Rossfan

Quote from: An Gaeilgoir on May 28, 2007, 10:42:34 PM
Beidh muid ann freisin, na fir o iathiar Mhuigheo! ;)

Mo léan !!! :( Bíonn droch scéal amháin i ngach ócáid  ;)
Davy's given us a dream to cling to
We're going to bring home the SAM

An Gaeilgoir

Quote from: Rossfan on May 30, 2007, 09:17:54 PM
Quote from: An Gaeilgoir on May 28, 2007, 10:42:34 PM
Beidh muid ann freisin, na fir o iathiar Mhuigheo! ;)

Mo léan !!! :( Bíonn droch scéal amháin i ngach ócáid  ;)
Fear cliste anseo!!!! :D

Galway15

Bíonn craic aisteach ag an gcomortas!! Meastú an mbeidh na réaltaí thíos ann! An Cheathrú Rua abú!