Seachtain na Gaeilge

Started by IolarCoisCuain, March 05, 2010, 04:47:57 PM

Previous topic - Next topic

IolarCoisCuain

Tá Seachtain na Gaeilge tagtha linn arís. Déantar iarracht snáth Gaeilge a coinneáil anseo, ach teipeann air toisc nach bhfuil rud cinnteach ann a phlé. Táimid ag scríobh na Gaeilge gan ábhar.

Mar sin, má tá sé ceart go leor leis na Mods, bail ó Dhia orthusan go léir agus go maire an chéad gach uile duine acu, b'fhéidir go gcuirfear tús le plé Gaeilge ar ábhair atá ar an mbord fós. Mar shampla, cuirfidh mé féin tús leo anois leis an gcluiche idir Maigh Eo agus Áth Cliath. Ní dóigh liom go scríobhfar ocht nó deich leathanach mar a scríobhtar sa mBéarla ach beimid ag déanamh iarrachta ar aon nós.