Seachtain na Gaeilge – An Lú v Ros Comáin – Cath Mór an Domhnach Seo!!

Started by Tatler Jack, March 19, 2010, 10:34:26 PM

Previous topic - Next topic

Tatler Jack

Na fathaigh ó Lú i gcoinne na minnows o cúige Connachta.  ;)  An bhfuil seans ar bith ar Gadaí na Caoraigh atá gan bua ar bith sa sraith seo.  Cé nach raibh siad ach cúpla pointí chun tosaigh in gcoinne Aontraim bhí bearna mór idir na foirne maidir le luas, cumhacht agus scil.  Níl morán eolas agam faoi  foireann  an Lú ach tá toraidh reasunta maith acu go dtí seo agus beidh siad rogha na cotianta don cluiche seo.

Faraor níl  seans dá laghad againn – tá roinn 4 i ndán dúinn.

Rossfan

Faraoir a Iack - aontaíom leat sa chás seo.
Ach tar éis an bua spioradach dramatúil le na Fé 21aí thar na diabhail ó Mhuigheo/RosThiar b'fhéidir go bhfuil seansaín beag againn. ???
Davy's given us a dream to cling to
We're going to bring home the SAM

IolarCoisCuain

Is dócha go bhfuil Roinn 4 in ndán dóibh a chairde na Rosa, ach níl gach dóchas caillte ós comhair an Lú. Bhí bua maith agaibh in aghaidh Mhaigh Eo Faoi-21, agus d'éirigh sibh go maith in aghaidh an Lú roimhe seo. Níl sé seo mo thuairim amháin, ach is tuairim Kevin Egan é freisin, eolaí peile agus iomána a scríobhann anseo: http://kevinegan.starbets.ie/2010/03/20/wexford-and-tyrone-the-picks-of-the-week/#more-552

Má tá Ros éigin ina chónaí i mBaile Átha Cliath níl an Lú ró-fhada uaidh. Seans nach mbeidh an lá curtha amach aige má bhuaileann sé an bóthar amach ar maidin.