Seachtain na Gaeilge - Ciarraí in aghaidh Mhaigh Eo, Trá Lí

Started by IolarCoisCuain, March 15, 2010, 06:19:09 PM

Previous topic - Next topic

IolarCoisCuain

Nach ait an cluiche é seo? Cad a n-inseoidh na bainisteoirí lena bhfoirne roimh an gcluiche? An mbeidh fonn bua ag ceachtar acu? An dtabharfadh bua aon rud do cheachtar acu? Dúirt John O'Mahony tar éis an bua i gcoinne na Gaillimhe sa Sraith FBD nach bhfuil rud chomh maith le buachaint, ach tá fios aige freisin nach maitheann bua Earraigh cailliúint Samhraidh.

Agus cad faoi Ciarraí? Táid ag áth-thógáil an bhliain seo, deirtear. Tommy agus Tadhg thar sáile, Darragh éirithe as agus Mick McCarthy ar tí. Seans nár bhain Joe Mór aon sásamh ó shin agus eisean ar a bhealach abhaile tar éis an scrios a rinne Ciarraí ar na Gaillimhí i mBóthar an Trá inne.

Beidh sé spéisiúil go leor na foirne a fheiceáil agus cé acu ó na bainisteoirí a choinneoidh a cheartaí lena chliabh fós.

spuds

"As I get older I notice the years less and the seasons more."
John Hubbard

Farrandeelin

Quote from: spuds on March 16, 2010, 04:01:25 AM
taaaaa me ocras le keerygold

Spuds, muna bhfuil aon rud le rá agat, ná h-abair é, maith an fear...
Inaugural Football Championship Prediction Winner.

southsidejohnny

Bé bua eisce ag na fir as an Kingdom. Ma bhaininn siad amach an bua be an seans acu an sraith a bhaint amach iniadh Ath Cliath. Nil na cosontorra ag Muigheo, agus ma tá siad ag breatnú ar McGarrity i lar na pairce tá siad cailte. Bhí an buck sin í lar na pairce í 2004 agus 2006 agus niar chuir sé grim ar an cad uair amhain ins na beirt cluiche.

IolarCoisCuain

Quote from: southsidejohnny on March 16, 2010, 09:04:03 AM
Bé bua eisce ag na fir as an Kingdom. Ma bhaininn siad amach an bua be an seans acu an sraith a bhaint amach iniadh Ath Cliath. Nil na cosontorra ag Muigheo, agus ma tá siad ag breatnú ar McGarrity i lar na pairce tá siad cailte. Bhí an buck sin í lar na pairce í 2004 agus 2006 agus niar chuir sé grim ar an cad uair amhain ins na beirt cluiche.

McGarrity bocht á cháineadh ó fháinne gheal an lae go titim dubh h-oíche. Tá buachaillí ar an saol a gcuirfeadh an locht ar McGarrity dá mbeadh easpa siúcra ina gcuid tae, nó an iomarca salainn ar a gcuid bhfataí bruite. Más é Ronan an peileadóir is measa ag Maigh Eo, éireodh níos fearr leo ná mar a n-éiríonn.

Tatler Jack

Bhí an Riocht thar barr an deireadh seachtain seo caite ach bhí Gaillimh an lag ar fad, Chonaic mé an cluiche idir Corcaigh agus Gaillimh agus taobh amuigh de Meehan Joyce agus Conroy an oiche sin bhí siad bocht agus an t-ádh  leo nach raibh siad nios mó na cúpla cuiliní chun deireadh. Beidh an dushlán o Maigh Eo i bhfad níos laidre agus bhí bua maith ag na buachaillí o Plandaí Maigh Eo i gcoinne Doire. Mo thuairim - chomhscór tar éis cluiche maith.

IolarCoisCuain

Seans go gcuirfidh mé cúpla phingin ar an gcluiche seo a chríochnú ar chomh-scór. Tá sé deacair éirigh i gcoinne Chiarraí san ríocht, ach nílim cinnte an mbacann Ciarraí mórán leis an gcluiche seo. Táid ciúin go leor ar an mbord.