Seachtain na Gaeilge - Maigh Eo in Aghaidh Átha Cliath, Caisleán a'Bharraigh

Started by IolarCoisCuain, March 05, 2010, 05:23:13 PM

Previous topic - Next topic

IolarCoisCuain

Is ait go leor an cluiche seo. Níl sé á phlé i mBaile Formaid nó i mBéal an Átha, agus tá sé deacair go leor cén fáth a thuiscint. Tá tús maith ag an dá foireann go dtí seo agus plé sna páipéir go ndéanfaidís fíor-iarracht an Srath a bhuacaint, ach tá gach suim sraithe caillte at Pat Gilroy, bainisteoir Átha Cliath, de réir an foireann a roghnaigh sé.

Tá John O'Mahony ag leanúint leis an bhfoireann céanna (seachas fir faoi choisc, ar ndóigh) agus an tuairim amach sa gContae go bhfuil a fhoireann féin aige ar deireadh, in a cheathrú bhliain mar bhainisteoir. Ach ní bhíonn an t-éadóchas i bhfad ó lucht Mhaigh Eo riamh, agus má chuirtear cúpla liathróid in airde isteach sa gcearnóg agus cúil a roinnt uathu, beidh súgán Johnno a chasadh arís.

Beidh an comórtas i lár na páirce suimiúil go deo. Tá an-chaint faoi Eamon Fennell Átha Cliath ach, toisc nach nglactar é ina Chontae féin, is é Ronan McGarrity ceann de na fir lár na páirce is fearr in Éirinn. Má n-éiríonn Fennell i gcoinne McGarrity agus Tom Parsons, beidh fear ionaid Whelo ag Pat Gilroy. Mura n-éiríonn, beidh turas fada smaointeach abhaile aige ó phlánaí dheas Mhaigh Eo.

Tatler Jack

Maith thú Iolar - cosúil leis ár foireann peile (Ros Comáin) tá bhur caighdean Gaeilge i bhfad níos liofa ná mo chuidse.

Maidir leis an cluiche bhuel anois teach an earraigh, tá na leatheanta ag dul chun síne agus dóchais ar ais i gcroieanna muintir Maigh Eó. Sílim go mbeidh an bua ag Maigh Eó agus go mbuafidh sibh an an Sraith. Tá painéal laidir ag O'Mahoney go h-áirithe sna tosnaitheoirí, tá rogha aige i lár ná pairce (aontáim faoi McGarrity) agus níl na cosainteoirí chomh lag mar a deireann na "pessimists".

Maigh Eo le farasbarr cúig no sé cuiliní!!!


5 Sams

60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

ardmhachaabu

Wise men talk because they have something to say; fools, because they have to say something

IolarCoisCuain

Tá an Ghaeilge ceart go leor agat a Thatleir, bail ó Dhia ort - féach ar chaighdeán Bhéarla an bhoird.  :D

Ait go leor domsa na tosaithe seo againne a fheiceáil, agus sinne tógtha ar easpa tosaithe Mhaigh Eo. Más fhéidir le Johnno iadsan a chur faoi smacht agus dul ag obair in éineacht a cheile - bheul, rachadh sé díreach isteach inár gcinn, mar a théann i gcónaí sa mbaile.

Go n-éirí libhse i gcoinne Uíbh Fhailí Dé Domhnaigh - insíonn Ros Commánaí domsa go bhfuil sibh ag fulaingt as ucht glúin caillte ins in 2000í, agus tá sé deacair go leor bhur mbuachaillí óga an bearna sin a líonadh arís. B'fhéidir go dtosóidh bhur n-aiséirí sa dTulach Mhór.

Rossfan

Quote from: IolarCoisCuain on March 05, 2010, 09:19:36 PM
. B'fhéidir go dtosóidh bhur n-aiséirí sa dTulach Mhór.
Go raibh maith agat.
Le cúnamh Dé( ó Ros ar dúchas  ;)) tosnóidh na dea laethanta arís sa dTulach Mhór......ach pé scéal e beidh muidne ann le tacaiocht a thabhairt do na gasúiníni.
Davy's given us a dream to cling to
We're going to bring home the SAM

ross4life

cén fáth go léir na Gaeilge? Ní chuireann sé Ros Comáin a dhéanamh ar bith níos fearr?

i btw raibh aon uair amháin le cailín cara sexy ó mayo ach níos mó aire a thabhairt faoi baile na móna ná me;)
The key to success is to be consistently competitive -- if you bang on the door often it will open

IolarCoisCuain

Quote from: ross4life on March 05, 2010, 10:25:03 PM
cén fáth go léir na Gaeilge?

Seo an fáth: http://gaaboard.com/board/index.php?topic=15641.0

Tá plé Béarla ann céanna seo ach toisc go bhfuil Seachtain na Gaeilge ann anois shíl mé gurb maith an rud é plé Gaeilge a chur ar siúl chomh maith leis an plé sa mBéarla.

ross4life

Quote from: IolarCoisCuain on March 05, 2010, 11:14:47 PM
Quote from: ross4life on March 05, 2010, 10:25:03 PM
cén fáth go léir na Gaeilge?

Seo an fáth: http://gaaboard.com/board/index.php?topic=15641.0

Tá plé Béarla ann céanna seo ach toisc go bhfuil Seachtain na Gaeilge ann anois shíl mé gurb maith an rud é plé Gaeilge a chur ar siúl chomh maith leis an plé sa mBéarla.

ar ndóigh

ach ní raibh a fhios agat go raibh mé ach ag cur an piss?
The key to success is to be consistently competitive -- if you bang on the door often it will open

mrhardyannual

Táim ag súil go mór leis an gcluiche seo. Táimid i bhfad nios láidre anois ná mar a bhí le blianta. Tá mé ceaptha go mbeidh S O Sé in ann job a dhéanamh ag leath-tosaigh lár mar a rinne Colm Mac sna 90s. Freisean le A O Sé taobh istigh tugann sé seans do na lads atá níos lú(Ronaldson, Varley, Conor agus Dillon). Tá an ceart agat Iolar faoi lár na páirce - le Parsons, McGarrity & S O Sé ba chóir go mbéas muid ar an cos tosaigh níos mo ná mar a raibh le cúpla blian anuas. Táim tugtha freisin le Alan Freeman. Is feidir leis imirt aon áit sna tosaithe. Ba chóir go mbéadh slua mór an Dé Domhnaigh.
Maith thú as ucht an snath seo.

IolarCoisCuain

Togha scríbhneoireachta ó Keith Duggan ins an Irish Times ar maidin faoin gcluiche leath-cheannas idir Maigh Eo agus Áth Cliath i 2006 agus, cé gur moladh é go deo ag an am, ba tús deiridh don dá fhoireann é i ndáiríre. Ní n-éireodh ceachtar acu chomh h-ard arís.

http://www.irishtimes.com/newspaper/sport/2010/0306/1224265708858.html

Tatler Jack

Quote from: IolarCoisCuain on March 06, 2010, 09:32:50 AM
Togha scríbhneoireachta ó Keith Duggan ins an Irish Times ar maidin faoin gcluiche leath-cheannas idir Maigh Eo agus Áth Cliath i 2006 agus, cé gur moladh é go deo ag an am, ba tús deiridh don dá fhoireann é i ndáiríre. Ní n-éireodh ceachtar acu chomh h-ard arís.

Gan dabht  ceann de na cluichí is fearr dar fhaca mé riamh mar neodrach - ard caigdeán peile measctha le bótuin agus críoch iontach drámata. Ná bí ag súil ar a leithéid amárach!!





Farrandeelin

Ní thuigim... tá m'uncail abhaile ó Londain, cheapfainn go mbeadh sé ag súil go mór leis an gcluiche in aghaidh Áth Cliath, ach níl sé. Ní bhacfaidh le m'uncail eile an cluiche a phlé ar chor ar bith, (agus eisean ina chónaí i mBÁC) agus ní bheidh m'athair ag dull ann ach oiread! Agus iadsan na tacadóirí a bhí ag chuile chluiche tríd síos na blianta!!!

Beidh mise ann, áfach. :D Tá súil agam go leanann an blian mar a thosaigh sé. Ach, níl mé cinnte faoi na cosantóirí fós agus sin an fáth a cheapaim go gcríochnaíonn an cluiche ar chomhscór.
Inaugural Football Championship Prediction Winner.

Tatler Jack

Tá bhúr  athair is uncail cosúil le muntir Ciarraí - ag feitheamh i gcóir an craobh angus go h-airithe cluiche ceannais na h-Eireann. B'fhéidir go bhful an ceart acu!!

spectator

Quote from: IolarCoisCuain on March 05, 2010, 09:19:36 PM
Go n-éirí libhse i gcoinne Uíbh Fhailí Dé Domhnaigh - insíonn Ros Commánaí domsa go bhfuil sibh ag fulaingt as ucht glúin caillte ins in 2000í, agus tá sé deacair go leor bhur mbuachaillí óga an bearna sin a líonadh arís. B'fhéidir go dtosóidh bhur n-aiséirí sa dTulach Mhór.

Sin é an fhirinne, Iolar. Go deimhin tá easpa taithí agus gliceas ar na lads óg ata ar an foireann anois, ach tá siad ag foglaim le gach cluiche freisin - bhuel, tá súil againn go mbíonn siad ar aon nós... Le ádh beag amach ó shin, feabhsóigh siad ó ghiota go ghiota le cluichi agus am eile. Ná bí burtha fós le aiséirí mór do Ros an samhradh seo nó sa samhradh '11, ach bfhéidir i gceann cupla bhlian beidh panel seasta íomaíochta againn arís.

Tá suimúil orm a fheiceáil go bfhuil ár Andy ar ais sna leath-tosaithe do Maigh-Eo. Sin é an áit ina ndéanann sé a chuid oibre is fearr, ceapaim. Ádh mór agaibh le cuairt na Dubs btw - tá craic mór ann gan dabht nuair atá siad timpeall an cheantar, ach an iomarcha uireanta... Cuimhním am amháin, i measc na hochtidi, nuair a thainig cúpla buachaillí bó le na lucht féachana as BAC go Ros chun cluiche league a fheiceáil. Ar an oiche Dé Sathairn - tar eis dúnta na tithe ól - cad a tharla ach chuaigh siad ag marcaíocht ar dromanna na beathigh bainne ar feirm áituil. Go bfhoire Dia linn, bfhéidir go smaoinigh siad gurb amach sa 'wild west' a bhí siad ... hmmm, ar an dara smaointhe ... ar aon nós bhí an cantalach ar muintir na talún nuair a chuala siad ar na shenanigans an lá ina dhiaidh. Bhuaigh Ros an cluiche ar aon chaoi, ach is iad na mbuachaillí bó a bhí ar an leathanach tosaigh sa Ros Herald an seachtain ina dhiaidh sin...  :D

Bí cúramach feirmeoirí Maigh Eo, bí cinnte do chuid beathigh a cuir faoi glas anocht ... an bfhuil seans ar bith go mbíonn na mbuachalli bó ag filleadh ar ais go dtí an 'wild wesht' anocht ... ;)