Gaeilge Chruinn Fhoirfe CLG

Started by funtime frankie, September 13, 2010, 10:14:45 AM

Previous topic - Next topic

funtime frankie

Ar an chéad dul síos ní "fíor Gael" mé ach tuigim tábhacht na teanga agus tá mé den bharúil má tá an duine ag dul rud éigin a dhéanamh is fiú é a dhéanamh i gceart. Ní saineolaí mé ach oiread - mar sin de tá fáilte mhór romhaibh uilig mé a cheartú.

Ba mhaith liom an seanphort sin a bhualadh faoi dhrochchaigdheán na Gaeilge i bhfoilseacháin CLG. Ar na mallaibh chuir mé iarratas isteach chuig CLG ar lorg eolais faoin "Príomh". Sheol siad leabhairín iontach deas chugam. Ba léir ón fhoilseachán seo gur caitheamh cuid mhór airgid air mar den ardchaighdeán a bhí an paipéar agus an stíl clódóireachta. Iontach proifisiúnta ar fad a bhí sé.

A luaithe agus go noscailítear é tá an ghnathlitir ann, "A Chara, blath blath blath......" Shílfeá go mbeadh gach rud ann cruinn agus foirfe. 'Sé an mhalairt atá fíor. Tá caighdeán na Gaeilge chomh bocht sin ann go bhfuil sí dothuigthe. Anois, tá a fhios agam go dtig linn  a rá, " Cad é eile a shílfeá? Seo CLG agus níl le fáíl ach béalghrá don teanga SRL SRL SRL"

Ach sa lá ata inniu agus súil ghearr ar 'achan phingin ceapaim gur cur amú airgid é má tá CLG ag gul a mhacasmháíl a chur i gcló - cur amú airgid s'againne. Is léir nach ndearnadh athléamh ar an phíosa lena cheartú agus as sin is suntasach gur beag an meas atá ag an dream seo ar an Ghaeilge ach caithfidh muid - muintir CLG - a rá leis na hamadáin seo nach bhfuil muid ag glacadh leis cur amú seo níos mó. An bhfuil duine ar bith ceapaithe nó fostaithe ag CLG mar oifigeach na Gaeilge agus má tá cad chuige nach ndéann sé nó sí athléamh ar phíosaí a bhfuil an Ghaeilge iontu?  Cé tá freagrach as ár naiseanna a chur amú gan trácht ar chaitheamh anuas a dhéanamh ar an teanga agus ar lucht na Gaeilge?