Menu

Show posts

This section allows you to view all posts made by this member. Note that you can only see posts made in areas you currently have access to.

Show posts Menu

Topics - Tóin ghruagach

#1
GAA Discussion / Comhghairdeas Le TG4
November 02, 2009, 11:47:01 AM
Ba mhiath liom comhghairdeas agus buíochas a ghabháil le lucht TG4 as na cláracha ar craolaíodh inné mar chuid de Cheiliúradh 125.

Bhí mé i mo shuí os comhair na teilifíse don lá ar fad agus níor éirigh mé go dtí gur thosaigh Geanntraí.

Lá iontach sultmhar a bhí ann agus ba chuma faoin aimsir taobh amuigh mar ní rachfá áit ar bith agus a mhacasmhail ar fáil.

Ní fhaca mé an clár fá John 3:7 agus bhí sé iontach speisiúil agus anois tá a fhios agam cé tá taobh thiar den chomhartha agus tháinig na cuimnhneacháin uilig ar ais arís ag eisteacht le Mícheal Ó hEithir!! Is trua nar bhain sé an 100 amach.

Maith sibh TG4