Snáth Gaeilge

Started by An Cloch Scoilte, April 27, 2007, 02:23:49 PM

Previous topic - Next topic

An Cloch Scoilte

Ba mhaith liom tús a chur le snáth Gaeilge do dhuine ar bith amuigh ansin a bhfuil tuairim nó barúil ar bith acu fá rudaí a mbaineann leis an CLG.

5 Sams

Maith thú.........Agus ni dheanfaidh sé dochar ceann eile a chur ar bun thall ar an non-gaa board fa choinne daoine a bhfuil tuairim acu faoi rudaí nach mbaineann leis an CLG
60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

An Cloch Scoilte

5Sams.....Cad é do bharúil faoi stádas na Gaeilge sa chontae? I mo bharúil ní dhéanann an Coiste Chontae go leor chun an teanga a chur chun cinn! Agus níl mé ag caint faoi ár gcontae féin, dearfainn go bhfuil sé mar an gcéanna sna chontaetha eile!!

Rois

Sílim go bhfuil an ceart agat Cloch faoi contae an Dún ar a laghad.  D'fhreastal mé ar cruinniú Coiste Chontae (na mban) de Luan seo caite agus ní raibh focal ar bíth ráite i ngaeilge.

Fíor Gael

Níl Gaeilge ar bith ag an an Coiste Chontae seachas 'is mise le meas'.

5 Sams

Tá cuid mhór daoine sa chontae (agus sa tír) agus neart Gaeilge acu.... ach ní usaitear í minic go leor sa CLG agus caithfidh mé a rá  go bhfuil mé fhéin ciontach. Abair go bhfuil bh'fheidir 40 daoine ina suí ag cruinniu an choiste chontae......ta mé cinnte go mbeidh ar a laghad 6 nó 7 ann a bhfuil gaeilge acu ach ní bheadh ann ach corrfhocal ráite le linn an cruinniú.....an réiteach ar bith ann don fhadhb??.. ar dóigh libh gur mhaith an rud cruinnithe dhá-theangach....tá siad fada go leor mar ata!!

Taobh amuigh den CLG tá an Ghaeilge beo beathach san Iúr. Tá ranganna Gaeilge ar bun ar fud na háite ach ní doigh liom go bhfuil moran ar bun ag an CLG leis an Ghaeilge a chothú. Tá suil agam go bhfuil an mícheart agam ach ní thig liom a dhath ar bith a fheicéal.
60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

Fear ón Srath Bán

Quote from: 5 Sams on April 27, 2007, 03:28:12 PM

Agus an rud céana sa Srath Bán, leanann an teanga ag dul ó neart go neart.
Carlsberg don't do Gombeenocracies, but by jaysus if they did...

5 Sams

Is é an rud is fearr a tharla an Ghaeilge in sna Sé Chontae ná na bunscoileanna....agus dearfhainn go mbeidh meanscoil san Iúr roimh i bhfad....braitheann sin ar an airgead ón rialtas ar ndoigh.
60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

Rossfan

Buíochas mór don Ros Comáineach uasal Dúbhglás De Híde (an Craoibhinn Aoibhinn)a chuir stop le bás na Gaeilge nuair a bhunaigh sé Conradh na Gaeilge i 1893.
Davy's given us a dream to cling to
We're going to bring home the SAM

An Cloch Scoilte

Tá amadán ar snáth eile 'TG4 biggest audience ever' nó mar sin, agus tá sé ag cur ár dteanga thíos ag rá gur chóir do na cluichí móra na sraithe bheith ar RTÉ in áit TG4.

Cad chuige? Sin an cheist atá agam dó?

Déanann TG4 neart trean-oibre ar son na Gaeilge, agus níor chóir dóibh seas síor agus ligeant do na comhlachtaí móra teacht isteach agus na ceartaithe a bhaint dóibh do na cluichí seo!!

Fear ón Srath Bán

#10
Quote from: An Cloch Scoilte on May 02, 2007, 02:55:17 PM
Tá amadán ar snáth eile 'TG4 biggest audience ever' nó mar sin, agus tá sé ag cur ár dteanga thíos ag rá gur chóir do na cluichí móra na sraithe bheith ar RTÉ in áit TG4.

Cad chuige? Sin an cheist atá agam dó?

Déanann TG4 neart trean-oibre ar son na Gaeilge, agus níor chóir dóibh seas síor agus ligeant do na comhlachtaí móra teacht isteach agus na ceartaithe a bhaint dóibh do na cluichí seo!!

Is fíor duit, ní thuigim an bharúil sin ach an oiread. Is é TG4 an stáisiún is fearr dona chluichí gaeilge, dar liom.
Carlsberg don't do Gombeenocracies, but by jaysus if they did...

ParisGAA

Agus ní maith liomsa cad é atá le rá ag Marty Morrisey i gcluíchí ceannais na hÉireann faoi 18 ar RTÉ2! An bfhuil sé ag teacht isteach leis an bhearla mar sin le blianta anuas nó 'just' an cupla blian deireanach?

Canalman

Bhí mé an bhrodúil anuraidh nuair a bhí captaen iomána fé 21 BÁC in ann agallamh as gaeilge a thabhairt do TG4 tar éis an Chluiche Cheannais Laighin. Ní raibh focal gaeilge ag captaen Chill Chainnigh.
Rud bheag ach do chur sé gliondar i mo chroí.

Rossfan

Ar Laochra Gael feicim go bhfuil Gaeilge ag an cuid is mó de na sean  imreoiri ach a mhalairt an cás le na buic nua aoiseacha.
Mo léin  :'( :-[
Davy's given us a dream to cling to
We're going to bring home the SAM

An Cloch Scoilte

Bhí mé ag léamh snáth eile ar an gaaboard ansin, agus tháinig moladh den scóth ó 5sams, gur chóir dúinn ceachtanna Gaeilge a chur ar bun do dhaoine atá ag iarraidh giota gaeilge a fhoghlaim agus iad ag amharc ar na cluichí ar TG4.

Silím gur moladh den chéad scóth atá ann.

Ar chóir dúinn snáth eile a chur ar bun sa dóigh is go dtuigeann duine cad é atá muid ag iarraidh a dhéanamh??

Bhur mbarúlacha??