Snáth Gaeilge

Started by An Cloch Scoilte, April 27, 2007, 02:23:49 PM

Previous topic - Next topic

Rossfan

Táimid beo i gCo De Híde freisin.  :)
Davy's given us a dream to cling to
We're going to bring home the SAM

seafoid

Quote from: Lamh Dhearg Alba on March 21, 2009, 12:57:50 AM
Quote from: 5 Sams on March 20, 2009, 11:47:11 PM
LDA,
Tuigim an cuid is mo den stuff ata scriofa agat ach ta me caillte leis an abairt seo:


air sgath soidhnichean rathaid da chananach??

ar fheabhas ar fad. Car fhoghlaim tu do chiud  Gaidhlig ? Do bhi me in Inbhir Nis cupla blian o shin agus thainig me ar learscail d'alba ina raibh gach aimn i nGaidhlig agus bhi se fior shuimiul ar fad. Ta ainm Celiteach ag an-chuid de sna bailte i Sasana freisin.   

Farrandeelin

Ar ais arís go dtí barr an leathanaigh leis an snáth seo. Tugaim faoi deara nach bhfuil aon iarracht déanta ag na daoine nua Gaeilge a labhairt/scríobh anseo agus cuireann sé sin brón orm.
Inaugural Football Championship Prediction Winner.

Canalman

Chun an fada a chruthú ar an ríomhaire......... brú ctrl agus alt agus an litir ag an am céanna.

Slán go fóill.

IolarCoisCuain

Quote from: Farrandeelin on February 17, 2010, 04:24:00 PM
Ar ais arís go dtí barr an leathanaigh leis an snáth seo. Tugaim faoi deara nach bhfuil aon iarracht déanta ag na daoine nua Gaeilge a labhairt/scríobh anseo agus cuireann sé sin brón orm.

Ach cad a scríobhfaidís faoi a Fharrandeelin? Tá an teanga againne, tinn cinnte ach beo fós, agus tá sí níos láidre i saol an phobail ná mar a bhíodh roimh an 19ú h-aois, idir Gaeilscoileanna agus TG4 agus rudaí eile, ach níl fios againn fós cad a ndéanfaimid léi. Ní rachaidh sí ar ais i mbéal an phobail, mar gnáth-theanga, táim lán-chinnte faoi sin, ach bhí gach rud i ngluaiseacht na Gaeilge leis na céad bliain atá imithe bunaithe ar an mbrionglóid sin. Cá rachaimid anois agus an radharc sin caillte againn?

5 Sams

Quote from: hardstation on May 12, 2007, 12:54:25 AM
An raibh duine ar bith ag amharc ar Seo Spoirt anocht? Bhain cara domsa (Albert Fry) an comortas an tseachtain seo chuaigh thart de reir Gemma ach nior chuir siad sceal chuige. Cade mar a dtig leis an duais (gaoth dobhair spake) a claimail? A thairaint chuige fein ('acha'n ait eile spake).
In case someone else knows. A friend of mine (Albert Fry) won the competetion on Seo Spoirt on TG4 and hasn't recieved any confirmation only that Gemma read it out on the show. How can he claim his prize??

An sin an Albert Fry ceanna a bhi ar Chomhra areir ar TG4?
60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

5 Sams

Quote from: hardstation on March 05, 2010, 09:44:44 PM
Is é.
B'agallamh maith sin. Chuir me aithne air na blainta o shin i Rann na Feirste. Ni raibh fhios agam gur peileadoir e.
60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

5 Sams

Duine ar bith beo?? Ar ais ar bharr...
60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

Fear ón Srath Bán

Duine ar bith anseo, cad a tharla a chara?  ;)
Carlsberg don't do Gombeenocracies, but by jaysus if they did...

Rossfan

Davy's given us a dream to cling to
We're going to bring home the SAM


spectator

Nuair a dhúisigh mé sa mhaidin bhí an ghrian ag taitneamh sa spéir, ní raibh scammall ar bith le fheicáil agus bhreathnaigh sé domsa go mbeadh lá álainn againn. Chuir sé gliondar i mo chroi freisin mar shocraigh mé cúpla lá fadó an turas go Ballyforan a dhéanamh chun na Rossies a fheicáil ag imirt in aghaidh GMIT. Níl turas ghearr é sin domsa, ach b'shin é an cluiche tosaithe í 2011 agus tar éis sos mór gan peil chontae fosta, cad a bhí le dhéanamh ag fear ach an bhlian nua a thosaithe le cluiche. Bhuel, bhí me ag ithe mo bhricfeasta agus an radió áitiúil í mo cheantar ag seinm sa chúlra, nuair a d'eist me go raibh na boithre ar an mbealach go dtí an iarthar ana contúireach ar fad le oighre dubh. Dúirt an láithreoir radió go raibh a lán carranna sa gclaí ar an dtreo agus thug se rabhadh amach go raibh sé seafóideach bheith ag taisteal agus na boithre chomh dona mar a bhí siad. Í ndairire, nuair nach raibh mé sasta leis an nuacht sin a chloistéail, ghabh me búiochas ciúin ag an láithreoir radió don an eolas. Ní raibh aon rud le dhéanamh ach an turas a chur ar ceal. Ní raibh sé sláinte an turas a rinne, sin sin. Ach an rud ata ag chuir beagán isteach orm... d'fheach mé ar na suíomh idirlion eagsúla níos luaithe, an suíomh offiguil clg na Rossies, Aertel srl ach ní raibh aon fógra ar bith le fheicáil go raibh an cluiche ar ceal. Feicim anois ar an suíomh seo go raibh sé an scéal céanna le cluichí eile inniu. Na Laythrumites ag dul go Ballyhaunis agus na Dubs ag dul go An Iarmhi. Níl me cinnte cén fath a tharla sé leis na truir cluichi inniu, ach ar aon nós níl sé go maith. Tá an easpa cinneadh luath a dhéanamh agus easpa an t-eolas seo a chuir amach go dtí an phobail ag cur isteach ar na h-imreorai agus na lucht féachanna. Cé go raibh an t-adh orm go chúala me an fógra faoin oighre ar an mbothar i mo cheantar roimh tosaithe mo thuras fhéin, is soléir é nach raibh an t-adh sin ag a lán daoine eile ar fud na tire inniú. Mo bhrón daoibh... cad é an freagair i bhur thuarim?

5 Sams

An raibh duine ar bith eile ag amharc ar "Comhra" le Mairtín trathnóna seo ar TG4. Bhí sé ag caint le Hughie Eibhlín Ó Duibheannaigh as Rann na Feirste...scéal dochreidte  :o :o
60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

Farrandeelin

Quote from: 5 Sams on July 21, 2011, 08:04:05 PM
An raibh duine ar bith eile ag amharc ar "Comhra" le Mairtín trathnóna seo ar TG4. Bhí sé ag caint le Hughie Eibhlín Ó Duibheannaigh as Rann na Feirste...scéal dochreidte  :o :o

Ní raibh mise, céard a bhí le phlé acu? ???
Inaugural Football Championship Prediction Winner.

Fear Bun Na Sceilpe

5 sams - cad é a bhí siad ag plé, d'fhán mé i Rann Na Feirste cúpla uair agus bheadh suim agam sa scéal sin