Snáth Gaeilge

Started by An Cloch Scoilte, April 27, 2007, 02:23:49 PM

Previous topic - Next topic

Lar Naparka

Tá an snáth seo ag dul ó neart go neart. Leanaigí  ar aghaidh!
Nil Carborundum Illegitemi

Lamh Dhearg Alba

Miosan a-nist bhon a sgriobh mi dad air an snath seo, ach mar a thuirt Lar Naparka tha e math gu bheil e fhathast a' dol bho neart gu neart. Gura math a theid leis an snath Gaelige agus ceo bho a thaigh ;D

Fear ón Srath Bán

Quote from: Lamh Dhearg Alba on February 09, 2008, 02:50:09 AM
Miosan a-nist bhon a sgriobh mi dad air an snath seo, ach mar a thuirt Lar Naparka tha e math gu bheil e fhathast a' dol bho neart gu neart. Gura math a theid leis an snath Gaelige agus ceo bho a thaigh ;D

Giota beag Gàidhlig a bhí ann, nach ea?  ;)
Carlsberg don't do Gombeenocracies, but by jaysus if they did...

5 Sams

Well lads,
Cad e mar ata sibh, no conas ata sibh no cen chaoi ina bhuil sibh? (go mo leithsceal...ni thig liom siniu fada a dheanamh ar an riomhaire seo).

Ceist oraibh....nuair a theann sibh go dti Gaeltacht eile taobh amuigh de do chuige fhein an ndeanann sibh iarracht Gaeilge na haite a labhairt?
60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

Fear ón Srath Bán

Quote from: 5 Sams on February 09, 2008, 07:58:44 PM
Well lads,
Cad e mar ata sibh, no conas ata sibh no cen chaoi ina bhuil sibh? (go mo leithsceal...ni thig liom siniu fada a dheanamh ar an riomhaire seo).

Ceist oraibh....nuair a theann sibh go dti Gaeltacht eile taobh amuigh de do chuige fhein an ndeanann sibh iarracht Gaeilge na haite a labhairt?


Ceist mhaith ort, í sin, 5 Sams -- ní h-aistreoinn mo chuid Gaeilge in ait ar bith, thuigfidís mo chuid i ngach aon áit de ghnáth.
Carlsberg don't do Gombeenocracies, but by jaysus if they did...

5 Sams


Ceist mhaith ort, í sin, 5 Sams -- ní h-aistreoinn mo chuid Gaeilge in ait ar bith, thuigfidís mo chuid i ngach aon áit de ghnáth.
[/quote]

Sin an fhadbh ata agamsa Fear.....i Rinn na Feirste no Gaoth Dobhair bimse abalta comhra maith a dheanamh ach i gCorca Dhuibhne ni mor dom focail a athru...mar shampla Goilinn in ionad Gaeilge....caid in ionad peil...freisin in ionad fosta, oiche "wa" in ionad oiche "why"  agus araile...agus araile...bh'fheidir gurb e blas an Iuir is cuis leis ???
60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

5 Sams

Maith go leor Hardstation.....tuigim iad.....ach.....an dtuiginn siad gaeilge thir chonaill...ni doigh liom e...cibe.... mise ar shiuil a' leaba! oiche mhaith ;D
60,61,68,91,94
The Aristocrat Years

Farrandeelin

Is í an difríocht is mó idir Gaeilge Thír Chonaill agus Gaeilge na Mumhan ná go bhfuil an béim curtha ar an dara siolla i bhfocail i gCúige na Mumhan agus tá an béim curtha ar an gcéad siolla i dTír Conaill, cosúil linne i gConnacht. Ach is é an fuaim is deacra a thuiscint ná an 'á' i dTír Conaill. Níl an fuaim sin cosúil leis an 'á' i gConnacht nó i gCúige na Mumhan ar chor ar bith. Maidir le Jarlath Burns, tá mé in ann é a leanúint gan mórán fadhbanna.
Inaugural Football Championship Prediction Winner.

Fear ón Srath Bán

#128
Quote from: 5 Sams on February 09, 2008, 08:40:55 PM

Quote
Ceist mhaith ort, í sin, 5 Sams -- ní h-aistreoinn mo chuid Gaeilge in ait ar bith, thuigfidís mo chuid i ngach aon áit de ghnáth.
Sin an fhadbh ata agamsa Fear.....i Rinn na Feirste no Gaoth Dobhair bimse abalta comhra maith a dheanamh ach i gCorca Dhuibhne ni mor dom focail a athru...mar shampla Goilinn in ionad Gaeilge....caid in ionad peil...freisin in ionad fosta, oiche "wa" in ionad oiche "why"  agus araile...agus araile...

Níl fadbh ar bith agam ann 5 Sams, nar tharla sé sin dom riamh, cibe an scéal, tuigim go maith go mbeadh focail eile ann, go mór mór i gCuige Mumhan ("ní fheadar", mar shampla, mar "níl a fhios agam" in Uladh), agus go mbionn na glóir éagsúila, cinnte.

Quote from: 5 Sams on February 09, 2008, 08:40:55 PM
...bh'fheidir gurb e blas an Iuir is cuis leis ???

B'fheidir  ;)
Carlsberg don't do Gombeenocracies, but by jaysus if they did...

Fear Bhun Na Sceilpe

Tá rudai giota beag ciúin anseo.

Frank Casey

Quote from: Farrandeelin on February 10, 2008, 12:28:40 PM
Is í an difríocht is mó idir Gaeilge Thír Chonaill agus Gaeilge na Mumhan ná go bhfuil an béim curtha ar an dara siolla i bhfocail i gCúige na Mumhan agus tá an béim curtha ar an gcéad siolla i dTír Conaill, cosúil linne i gConnacht. Ach is é an fuaim is deacra a thuiscint ná an 'á' i dTír Conaill. Níl an fuaim sin cosúil leis an 'á' i gConnacht nó i gCúige na Mumhan ar chor ar bith. Maidir le Jarlath Burns, tá mé in ann é a leanúint gan mórán fadhbanna.

Cosuil le peil gan smal agus and peil dorcha!
KERRY 3:7

Rossfan

Quote from: hardstation on February 13, 2008, 04:57:48 PM

Beidh aonach amárach i gContae an Chláir


Cheap mé go raibh Aonach i dTiobraid Arainn ?  :D
Davy's given us a dream to cling to
We're going to bring home the SAM

Lar Naparka

 5 Sams, níl rud ar bith as cóir le do chuid Gaeilge- tugim fein gach ní atá scríobhtha agat.
(Táim i ndon gach a deireann Jarlath Burns a thuiscint freisin, cé nach n-aontaíom leis uaireanta)
Silim go bhfuil sé easca go leor do mhuinitir an Iarthair canuint agus scribhinn an Tuascairt agus an Deiscairt freisin a thuiscint
Gan dabht, ta deacreachtai idir eatharúach ach tarlíonn an fadhb sin i mBearla comh maith.
Nil Carborundum Illegitemi

dodo

Gaeilge iarthair na hEireann ata agamsa. Maidir le gaeilge o na cheantair eile, tuigim cad ata le ra acu, comh fada is nach labharann siad ro thapaidh. Silim fein go bhfuil muintir Ghaoth Dobhair deachar leanuint nuair a bhionn siad ag caint eadru fein agus muintir an deiscirt easca tuiscint.

5 Sams

Quote from: dodo on February 27, 2008, 04:33:31 PM
Gaeilge iarthair na hEireann ata agamsa. Maidir le gaeilge o na cheantair eile, tuigim cad ata le ra acu, comh fada is nach labharann siad ro thapaidh. Silim fein go bhfuil muintir Ghaoth Dobhair deachar leanuint nuair a bhionn siad ag caint eadru fein agus muintir an deiscirt easca tuiscint.

Sílim fhéin gurb é an rud céanna i gcibé áit agus i gcibé teanga.... an Ghaeilge nó Bearla.

60,61,68,91,94
The Aristocrat Years