gaaboard.com

GAA Discussion => GAA Discussion => Topic started by: An Cloch Scoilte on April 27, 2007, 02:23:49 PM

Title: Snáth Gaeilge
Post by: An Cloch Scoilte on April 27, 2007, 02:23:49 PM
Ba mhaith liom tús a chur le snáth Gaeilge do dhuine ar bith amuigh ansin a bhfuil tuairim nó barúil ar bith acu fá rudaí a mbaineann leis an CLG.
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on April 27, 2007, 02:31:35 PM
Maith thú.........Agus ni dheanfaidh sé dochar ceann eile a chur ar bun thall ar an non-gaa board fa choinne daoine a bhfuil tuairim acu faoi rudaí nach mbaineann leis an CLG
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Cloch Scoilte on April 27, 2007, 02:45:31 PM
5Sams.....Cad é do bharúil faoi stádas na Gaeilge sa chontae? I mo bharúil ní dhéanann an Coiste Chontae go leor chun an teanga a chur chun cinn! Agus níl mé ag caint faoi ár gcontae féin, dearfainn go bhfuil sé mar an gcéanna sna chontaetha eile!!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rois on April 27, 2007, 02:58:26 PM
Sílim go bhfuil an ceart agat Cloch faoi contae an Dún ar a laghad.  D'fhreastal mé ar cruinniú Coiste Chontae (na mban) de Luan seo caite agus ní raibh focal ar bíth ráite i ngaeilge.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fíor Gael on April 27, 2007, 03:05:14 PM
Níl Gaeilge ar bith ag an an Coiste Chontae seachas 'is mise le meas'.
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on April 27, 2007, 03:28:12 PM
Tá cuid mhór daoine sa chontae (agus sa tír) agus neart Gaeilge acu.... ach ní usaitear í minic go leor sa CLG agus caithfidh mé a rá  go bhfuil mé fhéin ciontach. Abair go bhfuil bh'fheidir 40 daoine ina suí ag cruinniu an choiste chontae......ta mé cinnte go mbeidh ar a laghad 6 nó 7 ann a bhfuil gaeilge acu ach ní bheadh ann ach corrfhocal ráite le linn an cruinniú.....an réiteach ar bith ann don fhadhb??.. ar dóigh libh gur mhaith an rud cruinnithe dhá-theangach....tá siad fada go leor mar ata!!

Taobh amuigh den CLG tá an Ghaeilge beo beathach san Iúr. Tá ranganna Gaeilge ar bun ar fud na háite ach ní doigh liom go bhfuil moran ar bun ag an CLG leis an Ghaeilge a chothú. Tá suil agam go bhfuil an mícheart agam ach ní thig liom a dhath ar bith a fheicéal.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on April 27, 2007, 03:46:48 PM
Quote from: 5 Sams on April 27, 2007, 03:28:12 PM
Tá cuid mhór daoine sa chontae (agus sa tír) agus neart Gaeilge acu.... ach ní usaitear í minic go leor sa CLG agus caithfidh mé a rá  go bhfuil mé fhéin ciontach. Abair go bhfuil bh'fheidir 40 daoine ina suí ag cruinniu an choiste chontae......ta mé cinnte go mbeidh ar a laghad 6 nó 7 ann a bhfuil gaeilge acu ach ní bheadh ann ach corrfhocal ráite le linn an cruinniú.....an réiteach ar bith ann don fhadhb??.. ar dóigh libh gur mhaith an rud cruinnithe dhá-theangach....tá siad fada go leor mar ata!!

Taobh amuigh den CLG tá an Ghaeilge beo beathach san Iúr. Tá ranganna Gaeilge ar bun ar fud na háite ach ní doigh liom go bhfuil moran ar bun ag an CLG leis an Ghaeilge a chothú. Tá suil agam go bhfuil an mícheart agam ach ní thig liom a dhath ar bith a fheicéal.

Agus an rud céana sa Srath Bán, leanann an teanga ag dul ó neart go neart.
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on April 27, 2007, 03:57:45 PM
Is é an rud is fearr a tharla an Ghaeilge in sna Sé Chontae ná na bunscoileanna....agus dearfhainn go mbeidh meanscoil san Iúr roimh i bhfad....braitheann sin ar an airgead ón rialtas ar ndoigh.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on April 27, 2007, 06:51:35 PM
Buíochas mór don Ros Comáineach uasal Dúbhglás De Híde (an Craoibhinn Aoibhinn)a chuir stop le bás na Gaeilge nuair a bhunaigh sé Conradh na Gaeilge i 1893.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Cloch Scoilte on May 02, 2007, 02:55:17 PM
Tá amadán ar snáth eile 'TG4 biggest audience ever' nó mar sin, agus tá sé ag cur ár dteanga thíos ag rá gur chóir do na cluichí móra na sraithe bheith ar RTÉ in áit TG4.

Cad chuige? Sin an cheist atá agam dó?

Déanann TG4 neart trean-oibre ar son na Gaeilge, agus níor chóir dóibh seas síor agus ligeant do na comhlachtaí móra teacht isteach agus na ceartaithe a bhaint dóibh do na cluichí seo!!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on May 02, 2007, 03:13:17 PM
Quote from: An Cloch Scoilte on May 02, 2007, 02:55:17 PM
Tá amadán ar snáth eile 'TG4 biggest audience ever' nó mar sin, agus tá sé ag cur ár dteanga thíos ag rá gur chóir do na cluichí móra na sraithe bheith ar RTÉ in áit TG4.

Cad chuige? Sin an cheist atá agam dó?

Déanann TG4 neart trean-oibre ar son na Gaeilge, agus níor chóir dóibh seas síor agus ligeant do na comhlachtaí móra teacht isteach agus na ceartaithe a bhaint dóibh do na cluichí seo!!

Is fíor duit, ní thuigim an bharúil sin ach an oiread. Is é TG4 an stáisiún is fearr dona chluichí gaeilge, dar liom.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ParisGAA on May 02, 2007, 07:22:19 PM
Agus ní maith liomsa cad é atá le rá ag Marty Morrisey i gcluíchí ceannais na hÉireann faoi 18 ar RTÉ2! An bfhuil sé ag teacht isteach leis an bhearla mar sin le blianta anuas nó 'just' an cupla blian deireanach?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Canalman on May 02, 2007, 09:14:41 PM
Bhí mé an bhrodúil anuraidh nuair a bhí captaen iomána fé 21 BÁC in ann agallamh as gaeilge a thabhairt do TG4 tar éis an Chluiche Cheannais Laighin. Ní raibh focal gaeilge ag captaen Chill Chainnigh.
Rud bheag ach do chur sé gliondar i mo chroí.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on May 02, 2007, 09:32:07 PM
Ar Laochra Gael feicim go bhfuil Gaeilge ag an cuid is mó de na sean  imreoiri ach a mhalairt an cás le na buic nua aoiseacha.
Mo léin  :'( :-[
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Cloch Scoilte on May 03, 2007, 03:15:19 PM
Bhí mé ag léamh snáth eile ar an gaaboard ansin, agus tháinig moladh den scóth ó 5sams, gur chóir dúinn ceachtanna Gaeilge a chur ar bun do dhaoine atá ag iarraidh giota gaeilge a fhoghlaim agus iad ag amharc ar na cluichí ar TG4.

Silím gur moladh den chéad scóth atá ann.

Ar chóir dúinn snáth eile a chur ar bun sa dóigh is go dtuigeann duine cad é atá muid ag iarraidh a dhéanamh??

Bhur mbarúlacha??
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on May 03, 2007, 03:25:29 PM
QuoteAr chóir dúinn snáth eile a chur ar bun sa dóigh is go dtuigeann duine cad é atá muid ag iarraidh a dhéanamh??

Ní dheanfaidh sé dochar ar bith An Cloch Scoilte...."First Steps in Irish" nó a leitheid mar theideal???
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Cloch Scoilte on May 03, 2007, 03:28:51 PM
Maith go leor 5sams!!!

A fhad is go bhfuil cuidiú........................... ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on May 03, 2007, 03:38:31 PM
fadbh ar bith.....
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: The Real Laoislad on May 03, 2007, 03:39:44 PM
An bhfuil me cad agam dul go dti an leithreas? :) (only Irish i know)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: The Claw on May 03, 2007, 03:46:29 PM
Ta na daoine ata ag deanamh trachtail ar TG4 i bhfad nios fearr na na daoine ar RTE. Brian Tyers agus MacDara MacDonncha. Fair ple diobh!
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on May 03, 2007, 04:08:06 PM
..na dean dearmad ar Jarlath...scoth na gaeilge aige...
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: dodo on May 03, 2007, 09:11:04 PM
Cuireadh se grain orm eisteacht le Jarlath ar dtus ach ta feabhas mor tar eis teacht ar a chuid gaeilge. Maith thu a Iarlaith.........anois da mbeadh se in ann roinnt rudai ciallmhar a ra !!  8)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fiodoir Ard Mhacha on May 04, 2007, 08:43:33 AM
Bhí mé ar scoil le Jarlath - féar sármhaith atá sé - agus nuair a bhí sé ar an telifís ar an chláir sin faoi na CLG i gContae Ard Mhacha, ní raibh aon rud ar bith nach raibh sé ábalta a dhéanamh - ag imirt péile leis na páisti, go háirithe, ach ag cánamh fosta, ar an ghiotár, ag caint i nGaeilge go liofa, ar ndóigh agus le bróduil.

Gabh mo leithscéal i mBéarla ach "fcuk Hector"!
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on May 04, 2007, 12:13:50 PM
QuoteDeacair eisteacht leis a chuid seafoide.

Seans ann go bhfuil an ceart agat Hardstation ach duirt me go raigh Gaeilge den scoith aige .....ráiméis nó ciall is cuma...thig leis é a rá trí mhean na Gaeilge.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Lamh Dhearg Alba on May 05, 2007, 12:37:39 PM
S math a rinn sibh snath Gaelige a chur air bhog, bha iognadh orm bho thus nach robh an leithid air a' GAA board. Si Gaidhlig na h-Alba a th'agam ach tuigidh mi moran de na tha sibh a' sgriobhadh an seo is cumaidh mi orm ga leughadh feuch gu fas mi nas fhearr air Gaelige :)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: prewtna on May 05, 2007, 12:58:30 PM
Quote from: hardstation on May 05, 2007, 01:21:07 AM
Fa choinne craic (nil baint ar bith ag seo leis an CLG ach ar an abhar gur imigh an snath on non GAA)
Cade ata contrailte leis an abairt seo?
"B'fheidir go mbeidh Ciarrai i gCluiche Cheannais na hEireann i mbliana"
Ta meancog iontach coiteanta san abairt sin.
Magadh - Ca huair a shuidheas (sean litriu) an sagart?
Nuair ata se tuirseach in a sheasadh.
Chaithea tamaill a chaitheadh thart fan Gaeltacht le sin a thuigbheal.
P.S Nil me abalta fada a dheanamh ar an riomhaire seo.
Gabh mo leisceal.

an fada - usáid CTRL+ALT+(a,e,i,o,u)

á, é, í, ó, ú
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Cloch Scoilte on May 09, 2007, 12:25:56 PM
Má tá duine ar bith agaibh ag cluiche Craoibhe ar bith an deireadh seachtaine seo, coinnigh cluas amach fá choinne an méid Gaeilge atá le léamh sna cláir, nó ar fógraí, nó an méid Gaeilge atá le chloisteáil ag na cluichí iad féin.
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on May 09, 2007, 02:18:05 PM
Quotean méid Gaeilge atá le chloisteáil ag na cluichí iad féin.




Bíonn cupla fógra ann mar

"Beidh trí noiméad sa bhreis ag deireadh an dara leath".

"Fear ionad ar fhoireann an Dúín" srl, srl.....

Sin an méid a bhéas ann de ghnath.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on May 09, 2007, 02:53:04 PM
QuoteAn chaithfidh gaeilge a bheith agat le gabhail chun tosaigh (Uachtaran srl) sa CLG?

Níl fhios agam fa dtaobh de sin ach an bhfuil fhios ag duine ar bith an bhfuil Gaeilge ar bith ag an Taoiseach? Nior chuala me focal ar bith as a bhéal ariamh.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: As Cheide on May 09, 2007, 03:10:40 PM
An fada - usáid Alt Gr + a,e,i,o no u
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Hardy on May 09, 2007, 03:28:40 PM
Quote from: 5 Sams on May 09, 2007, 02:53:04 PM
an bhfuil fhios ag duine ar bith an bhfuil Gaeilge ar bith ag an Taoiseach? Nior chuala me focal ar bith as a bhéal ariamh.

Dúirt siad ar nuacht RTÉ radio gur inis Bertie óráid I nGaeilge ag reilig Arbour Hill ar maidin. Mar sin, is féidir a rá go dhfuil sé ar a chumas Gaeilge a léamh, ar a laghad.

Trialigh é seo: fiafraigh de ar mhaith leis "dig out" – £50,000, abair – agus cífidh tú an dtuigeann sé.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on May 09, 2007, 06:49:34 PM
Bhi me ar aifreann De Domhnaigh agus bhi ocras orm.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Bod Mor on May 10, 2007, 06:24:56 AM
Quote from: hardstation on May 09, 2007, 07:30:56 PM
Ta gaeilge de short eigin ag Bertie. Thart fan meid ceanna 's ata ag Gerry Adams. :-\

Tá Gaeilge maith ag ceannaire na léine gorma ach le cunadh dé ní beidh sé ina taoiseach.

hardstation, cuir stad leis an seafoid bearla sin. Maith a fear!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on May 10, 2007, 01:31:33 PM
Tá mé ag dul go dtí and siopa anocht mar tá ocras orm arís. Bhí tart orm anois. Is dóigh liom é.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Cloch Scoilte on May 10, 2007, 03:27:19 PM
Níl rud ar bith níos measa ná duine á cheartú!!!

Má dhéanann duine ar bith méancóg ar an snáth seo, cad é fá dtaobh de!!!
Déanaimse féin neart méancógaí, agus fair play do gach duine a bheith ag cur leis an snáth seo.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on May 10, 2007, 06:37:02 PM
Ní chloisim aon Gaeilge ag na cluichí a bhíonn mise ann. Ach amháin na samplaí a chuir 5Sams ina liosta. Is trua mór é sin. Breathnaím nach bhfuil ach cúpla duine as Cúige Uladh agus mise agus Bod Mór ag úsáid an snáth seo! Cé as tusa hardstation? Is dócha gur Ultach thú...
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on May 10, 2007, 08:25:48 PM
Ní doigh liom go bhfuil an locht ar na clubanna ach ar an sochaí i gcoitinne. Breathnú thart, níl mórán Gaeilge in úsáid ag go leor daoine. Níl a fhios a'am cén fáth. Chomh maith leis sin, ní aontaím le phlean Enda Kenny ar chor ar bith. Beidh níos lú Gaeilge ar eolas ag chuile dhuine má leanann sé ar aghaidh más roghnófar é mar Thaoiseach agus cá mbeidh muid ansin? Ní bheidh an CLG in ann aon rud a dhéanamh ansin. Mura roghnófar é, ceapaim nach bhfuil mórán suim ag aon duine i nGaeilge, seachas bhunmhúinteoirí agus Gaeilgeoirí agus beidh an meath seo sa CLG le haghaidh na blianta as seo amach. Ná bígí ag déanamh gearán faoi mo chuid gramadach!! Is féidir liom an teanga a labhairt...
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on May 12, 2007, 01:23:47 AM
Nach fiu scairt a chur orthu??? ???
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on May 12, 2007, 07:05:02 PM
Ta suil agam go bhfuil tu go maith.

Ca raith tu ar aifreann areir?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on May 12, 2007, 07:11:23 PM
Quote from: hardstation on May 12, 2007, 12:54:25 AM
An raibh duine ar bith ag amharc ar Seo Spoirt anocht? Bhain cara domsa (Albert Fry) an comortas an tseachtain seo chuaigh thart de reir Gemma ach nior chuir siad sceal chuige. Cade mar a dtig leis an duais (gaoth dobhair spake) a claimail? A thairaint chuige fein ('acha'n ait eile spake).
In case someone else knows. A friend of mine (Albert Fry) won the competetion on Seo Spoirt on TG4 and hasn't recieved any confirmation only that Gemma read it out on the show. How can he claim his prize??

Roinnt seachtain ó shin bhuaigh mise cúpla ticéid do Cluiche Ceannas na Sraithe.
Tháinig siad sa Phoist ar an Deardaoin roimh an cluiche.
( So just wait for the postman's knock)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on May 13, 2007, 06:34:34 PM
D'iarraigh siad ar iarrthóiri ainm/seoladh a chur ar an téacs ( chomh maith leis an freagra !!)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fíor Gael on May 14, 2007, 06:38:02 PM



Cá huair a mbíonn an clár sin 'seo spóirt' ar suil?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Bod Mor on May 23, 2007, 12:56:26 AM
Níl sé marbh ar chor ar bith hardstation.
Níl mórán le rá agamsa tar éis an tubaiste i mbothár na Trá ag deireadh na seachtaine.
Coinnigh beo é!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on May 23, 2007, 12:49:57 PM
Quote from: hardstation on May 23, 2007, 01:37:54 AM
Ba choir go mbeadh naire ar mhuintir na hEireann nach bhfuil siad abalta comhra a dheanamh ar an snath seo.

Is mór an trua é sin go deimhin a chara, ach lean ar aghaidh leis, níl an snath seo marbh fós  ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rois on May 23, 2007, 01:00:13 PM
Lan ar aghaidh cinnte, ce nach bhfuil me in ann moran gaeilge a scriobh na laethanta seo, ta dearmad deanta agam ar chuid is mó de  >:(, ach bainim sult as an snath seo a leamh.   
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Cloch Scoilte on May 23, 2007, 01:56:07 PM
Quote from: Rois on May 23, 2007, 01:00:13 PM
Lan ar aghaidh cinnte, ce nach bhfuil me in ann moran gaeilge a scriobh na laethanta seo, ta dearmad deanta agam ar chuid is mó de  >:(, ach bainim sult as an snath seo a leamh.  

Tá scoth na Gaeilge agat Rois!!

Thoisigh mé ag éisteacht leis an Domhnach Mór, ach bhí cluiche agam ar a 7,stád mé ag éisteacht leis i ndiaidh fiche bomaite nó mar sin!! Bainim sult as an bheirt sin ag caint!! Bíonn cuid mhór le rá ag Lynette fá Thír Eoghain, agus Fearghal fá Dhoire!! Tá Dúnach de dhiobhal ar an chlár sin!!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ParisGAA on May 23, 2007, 03:23:07 PM
Duine ar bith ag teagasc no ag obair mar cheannaire no mar mhuinteoir spoirt i nGaeltacht ar bith i mbliana (go hairithe Tir Chonaill)?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on May 23, 2007, 06:48:49 PM
Leanaimís lais an snáth seo.
Braoinín beag de'n cultúr Gaelach i measc an Aigéan Sacs/Meiriceánach ina bhfuilimid ag snámh na leathanta seo.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: faithful7 on May 24, 2007, 08:39:21 PM
An bhfuil na daoine ar an gClár seo atá báiúil don Ghaeilge, sásta go bhfuil a ndóthain á dhéanamh ag CLG an Ghaeilge á chur ar aghaidh agus a úsáid ina gcuid gnóthaí. An leor é liostaí fóirne a scriobh trí mhéan na Gaeilge agus bheith sásta leo féin gur éacht mór é sin ar son na Gaeilge.

Measaim nach bhfuil ansin ach 'cur i géil' ag Páirc an Chróchaigh. I mo thuairimse, ba chóir i bhfad níos mó Gaeilge a úsáid ag CLG ina gcuid gnóthaí. Caithfidh siad dul níos faide ná ...' Tá áthas orm .... ' agus 'A Chairde Gaeil'
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Cloch Scoilte on May 25, 2007, 08:25:10 PM
Quote from: faithful7 on May 24, 2007, 08:39:21 PM
An bhfuil na daoine ar an gClár seo atá báiúil don Ghaeilge, sásta go bhfuil a ndóthain á dhéanamh ag CLG an Ghaeilge á chur ar aghaidh agus a úsáid ina gcuid gnóthaí. An leor é liostaí fóirne a scriobh trí mhéan na Gaeilge agus bheith sásta leo féin gur éacht mór é sin ar son na Gaeilge.

Measaim nach bhfuil ansin ach 'cur i géil' ag Páirc an Chróchaigh. I mo thuairimse, ba chóir i bhfad níos mó Gaeilge a úsáid ag CLG ina gcuid gnóthaí. Caithfidh siad dul níos faide ná ...' Tá áthas orm .... ' agus 'A Chairde Gaeil'

Aontaím go huile is go hiomlán leat faithful7. Tá dualgas romhainn agus roimh an CLG an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid gnothai, mar a deir sé sna rialacha! (Riail 3 silím).

Mura dheantar seo, agus ní dhéantar seo ag na cluichí móra na sraithe nó fiú sa chraobh.

Ag na cluichí craobhe an chontae, ní fheiceann muid mórán den Ghaeilge, agus tá ról tábhachtach ag na fóchoistí na Gaeilge in achan chontae in Éirinn chun an fhadhb seo a réiteach!! Is iadsan na daoine leis an Ghaeilge, agus is iadsan na daoine leis an 'chumacht' leis an srúth seo a athrú!!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Cloch Scoilte on May 28, 2007, 08:12:43 PM
Tchím go bhfuil Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn thíos i gCorcaigh!!!

Beidh an foireann sin ó hIarthar Bhéal Feirste ag glacadh páirte sa Chomórtas don chéad uair!!! Ádh mór orthu!!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: faithful7 on May 28, 2007, 08:37:04 PM
Beidh an-deireadh seachtaine acu i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gComórtas Peile na Gaeltachta. De ghnáth bíonn an craic agus an caidreamh go h-iontach - n'fheadar faoin bpeil! Tá Páirc Peile álainn acu ansin anois, deirtear liom agus beidh na sluaite ag déanamh ar an mbaille le teacht an deireadh seachtaine agus an lá Saoire Bainc. Tá súil agam go mbeidh an aimsir acu chuige.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Gaeilgoir on May 28, 2007, 10:42:34 PM
Beidh muid ann freisin, na fir o iathiar Mhuigheo! ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on May 28, 2007, 10:55:05 PM
Quote from: An Cloch Scoilte on May 28, 2007, 08:12:43 PM
Tchím go bhfuil Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn thíos i gCorcaigh!!!

Beidh an foireann sin ó hIarthar Bhéal Feirste ag glacadh páirte sa Chomórtas don chéad uair!!! Ádh mór orthu!!

Go n-éiri an bóthar leo, na fir as Iarthar Bhéal Feirste ar a chéad uair riamh sa comórtas sin. Maith siad :)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: IolarCoisCuain on May 29, 2007, 08:35:03 PM
Níl mórán le rá agamsa a stócaigh, ach bhí an snáithín seo ag titim síos beagán agus sílimse féin gur chóir duinn an Ghaeilge a choinnéal ar an gcéad leathanach más fhéidir linn. Baineann níos mó leis an gCLC ná na cluichí amháin. ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: dodo on May 29, 2007, 10:28:43 PM
Maidir le Comortas peil na Gaeltachta, cad e an sceal leis na peileadoiri idirchondae ? Sin le ra a bhfuil cead acu imirt no an mbraitheann se ar an chondae agus cathain a bhfuil siad ag imirt sa chraobh ?

Bheinn a cheapadh go mbeadh foireann an laidir go Deo ag an Gaeltacht as Ciarrai, na triur O Se.
Gaoth Dobhair, Dun na nGall ta triur eile acu siud (Kevin Cassidy, Eamonn agus Neil McGee)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on May 30, 2007, 10:20:49 AM
QuoteComortas peil na Gaeltachta

Bímse ag amharc ar an chomortas seo achan bhliain ach ní bhíonn moran Gaeilge le cloisteal ar an pháirc....tá fhios agam go usáidtear an Ghaeilge ag Tomas, Marc, Darragh srl an tám ar fad agus ag iad ag imirt péile.....cad é fa foirne Gaeltachta Thír Chonaill?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on May 30, 2007, 09:17:54 PM
Quote from: An Gaeilgoir on May 28, 2007, 10:42:34 PM
Beidh muid ann freisin, na fir o iathiar Mhuigheo! ;)

Mo léan !!! :( Bíonn droch scéal amháin i ngach ócáid  ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Gaeilgoir on May 30, 2007, 09:26:35 PM
Quote from: Rossfan on May 30, 2007, 09:17:54 PM
Quote from: An Gaeilgoir on May 28, 2007, 10:42:34 PM
Beidh muid ann freisin, na fir o iathiar Mhuigheo! ;)

Mo léan !!! :( Bíonn droch scéal amháin i ngach ócáid  ;)
Fear cliste anseo!!!! :D
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Galway15 on May 30, 2007, 09:55:14 PM
Bíonn craic aisteach ag an gcomortas!! Meastú an mbeidh na réaltaí thíos ann! An Cheathrú Rua abú!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on May 31, 2007, 12:08:12 AM
Chonaic mé Tuar Mhic sa chluiche in aghaidh Cnoc Mór. B'fhéidir go raibh siad ag sábháil fuinnimh don chomórtas mar bhi siad go huafásach! Go n-éiri leis na foirne ó Maigh Eo a bheidh ann agus bainigi taitneamh as an deireadh seachtaine.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Gaeilgoir on June 01, 2007, 02:27:21 PM
Quote from: Farrandeelin on May 31, 2007, 12:08:12 AM
Chonaic mé Tuar Mhic sa chluiche in aghaidh Cnoc Mór. B'fhéidir go raibh siad ag sábháil fuinnimh don chomórtas mar bhi siad go huafásach! Go n-éiri leis na foirne ó Maigh Eo a bheidh ann agus bainigi taitneamh as an deireadh seachtaine.
Bhi seisear don cead 15 as lathair an la sin. Nil ach 23 peiladoir sinsir againn as fad! ach bhi muid huafasach an la sin gan daubt.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Gaeilgoir on June 03, 2007, 11:11:57 PM
Quote from: Rossfan on May 30, 2007, 09:17:54 PM
Quote from: An Gaeilgoir on May 28, 2007, 10:42:34 PM
Beidh muid ann freisin, na fir o iathiar Mhuigheo! ;)

Mo léan !!! :( Bíonn droch scéal amháin i ngach ócáid  ;)
Tuar Mhic Eadaigh agus gui dobhair sa cluiche ceannais amarach!!!! ;D
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on June 04, 2007, 08:00:16 PM
Faraoir, bhi an ceart ag an Rossie! :o
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on June 05, 2007, 04:20:27 PM
Quote from: Farrandeelin on June 04, 2007, 08:00:16 PM
Faraoir, bhi an ceart ag an Rossie! :o

;D ;D ;D

Foirne as Muigheo agus Cluichí Ceannais .... ::)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Lamh Dhearg Alba on June 07, 2007, 09:18:45 PM
Direach pios fiosrachaidh an seo, s docha gum bidh uidh aig feadhainn ann. Tha geama camanachd anns an Oban Didomhnaich sa tighinn, sgioba na h-Alba agus Gaidhlig aca uile a' cluich an aghaidh sgioba na h-Eireann le Gaelige acasan uile. Geama cho Ceilteach sa ghabhas! Tha an geama na phairt de dh' Fheille Chalum Chille, a bhios anns an Oban, Eilean Muile agus Eilean I aig an deireadh-sheachdainn.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Lamh Dhearg Alba on June 10, 2007, 09:17:47 PM
Quote from: Lamh Dhearg Alba on June 07, 2007, 09:18:45 PM
Direach pios fiosrachaidh an seo, s docha gum bidh uidh aig feadhainn ann. Tha geama camanachd anns an Oban Didomhnaich sa tighinn, sgioba na h-Alba agus Gaidhlig aca uile a' cluich an aghaidh sgioba na h-Eireann le Gaelige acasan uile. Geama cho Ceilteach sa ghabhas! Tha an geama na phairt de dh' Fheille Chalum Chille, a bhios anns an Oban, Eilean Muile agus Eilean I aig an deireadh-sheachdainn.


Eirinn 3-3 Alba 2-1
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fíor Gael on June 11, 2007, 12:32:18 PM
Quote from: Lamh Dhearg Alba on June 10, 2007, 09:17:47 PM
Quote from: Lamh Dhearg Alba on June 07, 2007, 09:18:45 PM
Direach pios fiosrachaidh an seo, s docha gum bidh uidh aig feadhainn ann. Tha geama camanachd anns an Oban Didomhnaich sa tighinn, sgioba na h-Alba agus Gaidhlig aca uile a' cluich an aghaidh sgioba na h-Eireann le Gaelige acasan uile. Geama cho Ceilteach sa ghabhas! Tha an geama na phairt de dh' Fheille Chalum Chille, a bhios anns an Oban, Eilean Muile agus Eilean I aig an deireadh-sheachdainn.


Eirinn 3-3 Alba 2-1


Gle mhath, ach cha dtuigim.
Bore da uilig.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Lamh Dhearg Alba on June 11, 2007, 07:33:40 PM
Quote from: hardstation on June 11, 2007, 03:45:19 PM
Bhi cluiche camanach/iomain ann Dia Domhnaigh eadar scaifte on Albain a bhfuil Gaidhlig acu agus scaifte na h-Eireann a bhfuil Gaeilge acu fosta. Ta an chluiche mar chuid de Fheile Cholum Chille a bhi ann san Oban, Oilean Muile agus Oilean I (?) ag an deireadh seachtain.
An bhfuil ainmeacha agus condaithe na n-imreoir agat Lamh Dhearg Alba?

Chan eil hardstation...tha e coltach gur e sgioba club a Gaillimh a bh'annta, gheibh mi a-mach de an t-ainm a bh'orra. Bha na h-Albannaich air an taghadh bho iomadh club ge-ta, select team mar a chanas iad. Deagh gheama tha e coltach, cruaidh ach air a chluich ann an deagh spioraid. Is chuala mi gun robh oidhche mhor aca as deidh laimh ;D

Eilean I = Iona sa Bheurla.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on June 11, 2007, 09:11:46 PM
A chairde, ni thuigim an formhór den Ghaeilge atá scriofa anseo. Nil tuairisc agam céard is bri le tchim! Ni thuigim canúint Ulaidh!! Tá sé cosúil le teanga ón iasacht, an Ghaeilge seo!!! ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: cicfada on June 11, 2007, 10:34:48 PM
Mar sin lads, ce  ag a mbeidh an bua i gCraobh na h-Eireann i mbliana??Peil feicimse go bhfuil  Ciarrai, Tir Chonaill, Tir Eoghain, BAC, Gaillimh, Corcaigh agus b'Fheidir Muigh Eo san aireamh!Iomaint, Cill Choinnigh, Corcaigh Port Lairge. Ta an peil i bhfad nios oscailte na an iomaint i mbliana!!tabhair dom bhur dtuairimi!!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on June 12, 2007, 12:15:15 AM
Nil a fhios agam faoi Maigh Eo i mbliana cicfada. Ni bheidh muid ann i Meán Fomhair, dar liom. B'fhéidir go mbuafaidh Corcaigh Craobh na Mumhan i mbliana, ach an féidir leo 'bua eile' i gcoinne na Ciarraithe nios déanai? Sa bpeil tá sé nios oscailte gan dabht ach nil ach seacht nó ocht foirne in ann Sam a bhuachaint. Rinne tú dearmad faoi Ard Mhacha cicfada, tá siad nios fearr ná BAC i mo thuairim! Bigi ag breathnú ar foireann na Mi i mbliana chomh maith.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: TirEoghaingodeo on June 13, 2007, 08:49:04 PM
Quote from: hardstation on June 11, 2007, 09:16:41 PM
Tchim = Feicim
Agus is mor an naire duit a ra nach dtuigeann tu muid nuair ata fear as an Albain anseo ata abalta. :-\

Cad é an raiméis seo? Tá súil as agam nach bhfuil tú ach ag magadh.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on June 13, 2007, 09:01:25 PM
Quote from: cicfada on June 11, 2007, 10:34:48 PM
Mar sin lads, ce  ag a mbeidh an bua i gCraobh na h-Eireann i mbliana??Peil feicimse go bhfuil  Ciarrai, Tir Chonaill, Tir Eoghain, BAC, Gaillimh, Corcaigh agus b'Fheidir Muigh Eo san aireamh!Iomaint, Cill Choinnigh, Corcaigh Port Lairge. Ta an peil i bhfad nios oscailte na an iomaint i mbliana!!tabhair dom bhur dtuairimi!!

Tá peil i bhfad níos oscailte na an iomaint gach aon bliain, nach bhfuil?  ;)

Peil (ach amháin Tír Eoghain): Corcaigh
Iomaint: Port Lairge

Is doigh liom.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on June 13, 2007, 10:08:37 PM
Peil - (gan Ros  ;)) = Tír Conaill
Iomáint =   na Cait.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on June 26, 2007, 07:08:30 PM
Chonaic mise iad ag imirt i bPáirc de hIde roinnt bliain ó shin -in aghaidh na Piarsaigh -i gcluiche Ceannais Shóisear Club Connachta.
Níl mé cinnte ach ceapaim gur as cheanntair an Spidéil iad ?
Sé an béic a bhí ag a lucht leanúna ná "C'mon na Breathna".
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on June 26, 2007, 09:02:23 PM
Quote from: hardstation on June 26, 2007, 02:53:55 AM
An bhfuil a fhios ag muintir na Gallaimhe rud ar bith fan fhoireann seo, Micheal Breathnach GAA?
Ni chuala mise iomra orthu ariamh.

Foireann Peile as Gallaimh ainmnithe in onoir peileadoir as Condae an Duin....sin rud aisteach ;) ;) ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: dodo on June 26, 2007, 11:23:30 PM
Is as Indreabhán CLG Micheál Breathnach. Tá an ait seo siar an bothar cois fharraige ón Spidéal.

http://www.galwaygaa.ie/clubs/Micheal_Breathnach.htm

Tá'id i sraith sinsear B sa pheil
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on June 26, 2007, 11:37:05 PM
Is é sloinne coitianta in Éirinn, Micheál Breathnach, ceann amháin ar a laghad i gach aon gceantar, nach bhfuil?  ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fíor Gael on August 14, 2007, 06:16:40 PM
An bhfuil an teanga ag fail bás ar an suíomh seo anois?
Scoilte an raibh ag teagasc thuas i Loch An Iúr i mbliana?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: The Real Laoislad on August 14, 2007, 07:04:47 PM
an bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas ???
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Luksta on August 14, 2007, 07:14:25 PM
Tuigim nach bhfuil go leor daoine anois ag caint gaeilge sa tír, ach féach anseo..taispeanann an scoineann seo go raibh gaeilge ar fheabhas ag usuaid i CLG.


http://ie.youtube.com/watch?v=A90Nid9ihCk

Gaillimh Abú!!!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Frank Casey on August 14, 2007, 08:32:42 PM
Quote from: Luksta on August 14, 2007, 07:14:25 PM
Tuigim nach bhfuil go leor daoine anois ag caint gaeilge sa tír, ach féach anseo..taispeanann an scoineann seo go raibh gaeilge ar fheabhas ag usuaid i CLG.


http://ie.youtube.com/watch?v=A90Nid9ihCk

Gaillimh Abú!!!


Agus Dara O Cinneide i 2004 freisin


http://ie.youtube.com/watch?v=UVE82iitjC4
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Frank Casey on August 14, 2007, 08:39:01 PM
Agus an ceann is fearr domsa

http://ie.youtube.com/watch?v=KWFYpjRm3Ik
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on August 14, 2007, 08:52:05 PM
Is deas an rud aiseiri an snáth seo a fheiscint.
Ach níl aon gá le físeáin ag taispeáint faoi Gailleamhach agus Ciarraíoch le Coirn.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Frank Casey on August 14, 2007, 08:59:09 PM
Quote from: Rossfan on August 14, 2007, 08:52:05 PM
Is deas an rud aiseiri an snáth seo a fheiscint.
Ach níl aon gá le físeáin ag taispeáint faoi Gailleamhach agus Ciarraíoch le Coirn.

An bhfuil tu in ead linn ???
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on August 18, 2007, 10:20:07 PM
QuoteAgus an ceann is fearr domsa

http://ie.youtube.com/watch?v=KWFYpjRm3Ik

Dearfhainn go bhfuil an ceart agat Frank ach an sin an oraid iomlan??...is cuimhin liom an la sin agus bhi Paidi thuas ansin ar feadh tamaill maith.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on December 01, 2007, 06:25:05 PM
Quote from: Na Gardaí on December 01, 2007, 06:16:56 PM
Seo Na Gardaí.
Tá seo millteanach.
Hardstation, an bhfaca tú fada ariamh?

Amach leat, WUM.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on December 01, 2007, 07:54:18 PM
A ghardai, ni oibrionn 'i fada' ar mo riomhaire sa bhaile. Tá súil agam nach gcaithfidh tú amach mé...
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: dodo on December 01, 2007, 08:44:33 PM
A gharda, gabh suas ort fhéin.  8)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on December 01, 2007, 09:40:47 PM
The poster formerly known as The Police, and who was banned for his wind-ups, is back as Na Gardaí. To be fair, it's almost impossible to make the connection between the old and the new monikers, took a bit of thinking I'd say  ;)

Quote from: Na Gardaí on December 01, 2007, 09:13:27 PM
Seo Na Gardaí

Feis ort anois, arís!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on December 02, 2007, 08:49:00 PM
Quote from: Na Gardaí on December 01, 2007, 09:51:17 PM

Níor mhaith liom trioblóid.

Cén fáth gur mhaith leat trioblóid anois?
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on January 11, 2008, 04:52:32 PM
Jaysus, tá súil agam go mbeidh tu in ann cuidiu liom? Níl mo chuid Gaeilge chomh maith is a bhí fiche bliain ó shin!!

Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: his holiness nb on January 11, 2008, 06:04:28 PM
Níl mo gaeilge ana mhaith, bhí mé ar scoil gaeilge in mbaile átha Cliath timpeall an aois 11 go dtí 16.
Tá bróm orm mar níl sé go mhaith anois.
Ach is mhaith liom an thread seo.

*apologies for the atrocious Irish, hoping to use this thread to re-educate myself!!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ardmhachaabu on January 11, 2008, 08:22:19 PM
Quote from: hardstation on January 11, 2008, 04:32:00 PM
FAO 5 Sams. Chuir me d'ainm chun tosaigh le alt gaeilge a scriobh i nGaelic Life gach seachtain.
Thig leat buiochas a thabhairt dom nuair a chuireann siad an t-airgead chugat.
;D
Sin an mhéad atá de dhith ortsa?  Níl de dhith ort seachas an t-airgead.  Job mhaith  ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on January 11, 2008, 08:40:52 PM
Mahogany gaspipe?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on January 11, 2008, 08:52:54 PM
MG origins (http://web.ncf.ca/bj333/HomePage.flann.html)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ardmhachaabu on January 11, 2008, 09:16:52 PM
Quote from: hardstation on January 11, 2008, 08:27:15 PM
Cad e ata tu a ra?
Nil mise ag iarraidh an t-airgead. Gheobhaidh 5 Sams an t-airgead.
Beidh mise abalta alt gaeilge a leamh gach seachtain. Sin ata de dhith orm.
Bhí mé ag rá go bhfuil cuma ort nach bhfuil Gaeilge de dhith ort.  Ni bhfaighidh An Dún rud ar bith i mbliana, gan dabht.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on January 11, 2008, 09:42:57 PM
Quote from: hardstation on January 11, 2008, 09:26:07 PM
Glanfaidh Aontroim suas i mbliana.

Ca bhfuil an dhochtúir, éigeandáil anseo!?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on January 11, 2008, 09:48:18 PM
Tá brón orm nach bhfuil mo chuid gaeilge chomh maith le Ghaeilge cúpla duine eile atá ar gaaboard, ach céard is brí le 'seal'?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Frank Casey on January 11, 2008, 10:02:13 PM
Quote from: hardstation on January 11, 2008, 09:26:07 PM
Glanfaidh Aontroim suas i mbliana.

Deoiri muintir uladh tareis riocht ciarrai.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on January 11, 2008, 10:08:06 PM
Quote from: Farrandeelin on January 11, 2008, 09:48:18 PM
Tá brón orm nach bhfuil mo chuid gaeilge chomh maith le Ghaeilge cúpla duine eile atá ar gaaboard, ach céard is brí le 'seál'?

'shift' nó 'shawl' is brí den fhocal seál, is dóigh liom.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Frank Casey on January 11, 2008, 10:10:46 PM
Quote from: his holiness nb on January 11, 2008, 06:04:28 PM
*apologies for the atrocious Irish, hoping to use this thread to re-educate myself!!

Agus ta mo spellcheck gaeilge banjaxed.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on January 12, 2008, 06:45:15 PM
Quote from: hardstation on January 12, 2008, 06:41:14 PM
Quote from: Fear ón Srath Bán on January 11, 2008, 09:42:57 PM
Quote from: hardstation on January 11, 2008, 09:26:07 PM
Glanfaidh Aontroim suas i mbliana.

Ca bhfuil an dhochtúir, éigeandáil anseo!?
Ca bhfuil Na Gardaí? ;)

Ban-dochtúir a bhí ann  ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on January 12, 2008, 09:20:08 PM
Quote from: hardstation on January 12, 2008, 06:49:18 PM
a bhí inntí.

Seafóid ar fad!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Donagh on January 12, 2008, 10:39:08 PM
Na laetheanta se, cá bhfuil Seafóid?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on January 12, 2008, 11:08:37 PM
Quote from: hardstation on January 12, 2008, 09:47:41 PM
Cad chuige?

Ní raibh ciall leis, ní raibh sé an rud agus bhí mé ag rá é. Bhí "a bhí ann" gaeilge maith, sa comhthéacs.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on January 13, 2008, 01:09:39 AM
Quote from: hardstation on January 12, 2008, 11:13:47 PM
Nil me ach ag deanamh cuideachta.

Agus glanfaidh Aontroim suas i mbliana
!!!! ;D

Fadbh ar bith a chara, agus go n-éirí leat leis!  ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on January 21, 2008, 10:00:11 PM
Maith ar fad an fhoireann sin, Aontroim, toradh den chéad scoth a bhí ann!  ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: DownFanatic on January 23, 2008, 01:54:56 PM
A Choilm, a chara,

An bhfuil tú go fóill i mbun gnóthaí na ríomhaireachta sa chumann ? ; 'Sé fáth mo cheiste ná nach bhfeicim níos mó d'ainmse ag barr leathanach leabhar na n-aíonna. An féidir gur éirigh tú as an an fhreagrachta sin? Má's amhlaidh mar atá sé is mór an trua é. Bhí seirbhís den chéad scoth déanta agat i rith na mblianta a bhí an obair seo ar do chúram. Inis domh má's fíor nó nach ea.

Gabhaim buúíochas duit as ucht do shaothair díograisigh leis na blianta anuas.

Le gach dea-mhéin,

I-P.

p.s. Níl mórán litir le feiceáil faoi láthair - déanaim iontas de. 

Can anybody translate this?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: thejuice on January 23, 2008, 02:45:06 PM
Feicfidh me i paipeir inniu, an leabhair nua le Sean Og de Paor, peiladoir o nGaliamh, as gaelige. Nil aoin teideal san paipeir, an bhfuil aon duine go bhfios an teideal ar an leabhair. Go raibh maith agat.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on January 23, 2008, 03:10:28 PM
Down Fanatic,

This is the jist of the piece you posted....


Dear Colm,
Are you still in charge of computers (IT affairs) in the club? The reason I am asking is that I don't see your name at the top of the page in the guest book anymore. Is it possible that you have given up your responsibilities in this area? If so it's a pity. You have provided a first class service during the years you were in charge. Let me know if this is the case.

Thank you very much for your diligent work down through the years.


With best wishes

I-P


PS there aren't many letters to be seen at the moment...it has me wondering.


Juice

Sé an teideal ar an leabhar atá de dhobhail ort ná "Lá an Phaoraigh"
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on January 27, 2008, 08:24:46 PM
Tabhair tacaíocht don Chiste Craoltoireachta!

Tá Ciste Craoltóireachta na Gaeilge i mbaol de bharr easpa tacaíochta ón Roinn Cultúir, Ealaíon is Fóillíochta ó thuaidh nuair a thoicfaidh deireadh leis an bhabhta seo den chlár i 2009.  Caillfear poist agus beidh deireadh le cuid de chláracha TG4 agus cláracha an BBC trí Ghaeilge.

The Irish Language Broadcasting Fund under threat as the Department of Arts, Culture and Leisure in the North have refused funding after the current programme comes to an end in 2009.  Your favourite TG4/BBC programmes in Irish and many jobs will be lost.

http://www.petitiononline.com/cist0901/petition.html

Scaip an scéal!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on February 03, 2008, 06:42:45 PM
Quote from: hardstation on January 21, 2008, 10:09:12 PM
D'fhan tu agus anois, feiceann tu. ;D

Aontroim: 3-09
Uibh Fhailí: 2-07

D'fhan mé, agus chonaic mé anois... iontach ar fad!  ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Frank Casey on February 06, 2008, 09:30:51 PM
Quote from: hardstation on February 03, 2008, 07:12:17 PM
Somhairle agus Liam in Aontroim i mbliana.

In ainm Chriost ::)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Frank Casey on February 06, 2008, 09:42:54 PM
Ta bron orm
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: In the Onion Bag on February 06, 2008, 10:12:09 PM
Sorry for my lack of Irish, didn't put enough effort in when at school.

Stumbled on this thread and am just posting to say that, although I missed my chance at school, its very impressive to see that so many others  did not.  That a thread amounting to 12 pages in Irish is really something, well done all.  Wonder could OWC arrange something similar in Ullans? 

Will stop now as I have polluted your thread enough.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear Bhun Na Sceilpe on February 07, 2008, 10:30:28 AM
Ba mhaith liom a rá gur iontach an rud go bhfuil an snáth seo ar fáil. An bhfaca duine ar bith an t-agallamh le Mc Gilligan san Irish News inniu?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on February 07, 2008, 08:02:15 PM
Fáilte go dtí an chlár a chara, tá snáth faoi Mc Gilligan ann cinnte, os cionn.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear Bhun Na Sceilpe on February 07, 2008, 09:36:01 PM
Go raibh maith agat a chara(fear ón Sráth Bán)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Lar Naparka on February 08, 2008, 11:36:57 PM
Tá an snáth seo ag dul ó neart go neart. Leanaigí  ar aghaidh!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Lamh Dhearg Alba on February 09, 2008, 02:50:09 AM
Miosan a-nist bhon a sgriobh mi dad air an snath seo, ach mar a thuirt Lar Naparka tha e math gu bheil e fhathast a' dol bho neart gu neart. Gura math a theid leis an snath Gaelige agus ceo bho a thaigh ;D
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on February 09, 2008, 02:51:10 PM
Quote from: Lamh Dhearg Alba on February 09, 2008, 02:50:09 AM
Miosan a-nist bhon a sgriobh mi dad air an snath seo, ach mar a thuirt Lar Naparka tha e math gu bheil e fhathast a' dol bho neart gu neart. Gura math a theid leis an snath Gaelige agus ceo bho a thaigh ;D

Giota beag Gàidhlig a bhí ann, nach ea?  ;)
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on February 09, 2008, 07:58:44 PM
Well lads,
Cad e mar ata sibh, no conas ata sibh no cen chaoi ina bhuil sibh? (go mo leithsceal...ni thig liom siniu fada a dheanamh ar an riomhaire seo).

Ceist oraibh....nuair a theann sibh go dti Gaeltacht eile taobh amuigh de do chuige fhein an ndeanann sibh iarracht Gaeilge na haite a labhairt?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on February 09, 2008, 08:21:31 PM
Quote from: 5 Sams on February 09, 2008, 07:58:44 PM
Well lads,
Cad e mar ata sibh, no conas ata sibh no cen chaoi ina bhuil sibh? (go mo leithsceal...ni thig liom siniu fada a dheanamh ar an riomhaire seo).

Ceist oraibh....nuair a theann sibh go dti Gaeltacht eile taobh amuigh de do chuige fhein an ndeanann sibh iarracht Gaeilge na haite a labhairt?


Ceist mhaith ort, í sin, 5 Sams -- ní h-aistreoinn mo chuid Gaeilge in ait ar bith, thuigfidís mo chuid i ngach aon áit de ghnáth.
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on February 09, 2008, 08:40:55 PM

Ceist mhaith ort, í sin, 5 Sams -- ní h-aistreoinn mo chuid Gaeilge in ait ar bith, thuigfidís mo chuid i ngach aon áit de ghnáth.
[/quote]

Sin an fhadbh ata agamsa Fear.....i Rinn na Feirste no Gaoth Dobhair bimse abalta comhra maith a dheanamh ach i gCorca Dhuibhne ni mor dom focail a athru...mar shampla Goilinn in ionad Gaeilge....caid in ionad peil...freisin in ionad fosta, oiche "wa" in ionad oiche "why"  agus araile...agus araile...bh'fheidir gurb e blas an Iuir is cuis leis ???
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on February 10, 2008, 12:11:51 AM
Maith go leor Hardstation.....tuigim iad.....ach.....an dtuiginn siad gaeilge thir chonaill...ni doigh liom e...cibe.... mise ar shiuil a' leaba! oiche mhaith ;D
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on February 10, 2008, 12:28:40 PM
Is í an difríocht is mó idir Gaeilge Thír Chonaill agus Gaeilge na Mumhan ná go bhfuil an béim curtha ar an dara siolla i bhfocail i gCúige na Mumhan agus tá an béim curtha ar an gcéad siolla i dTír Conaill, cosúil linne i gConnacht. Ach is é an fuaim is deacra a thuiscint ná an 'á' i dTír Conaill. Níl an fuaim sin cosúil leis an 'á' i gConnacht nó i gCúige na Mumhan ar chor ar bith. Maidir le Jarlath Burns, tá mé in ann é a leanúint gan mórán fadhbanna.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on February 10, 2008, 12:58:56 PM
Quote from: 5 Sams on February 09, 2008, 08:40:55 PM

Quote
Ceist mhaith ort, í sin, 5 Sams -- ní h-aistreoinn mo chuid Gaeilge in ait ar bith, thuigfidís mo chuid i ngach aon áit de ghnáth.
Sin an fhadbh ata agamsa Fear.....i Rinn na Feirste no Gaoth Dobhair bimse abalta comhra maith a dheanamh ach i gCorca Dhuibhne ni mor dom focail a athru...mar shampla Goilinn in ionad Gaeilge....caid in ionad peil...freisin in ionad fosta, oiche "wa" in ionad oiche "why"  agus araile...agus araile...

Níl fadbh ar bith agam ann 5 Sams, nar tharla sé sin dom riamh, cibe an scéal, tuigim go maith go mbeadh focail eile ann, go mór mór i gCuige Mumhan ("ní fheadar", mar shampla, mar "níl a fhios agam" in Uladh), agus go mbionn na glóir éagsúila, cinnte.

Quote from: 5 Sams on February 09, 2008, 08:40:55 PM
...bh'fheidir gurb e blas an Iuir is cuis leis ???

B'fheidir  ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear Bhun Na Sceilpe on February 13, 2008, 04:51:59 PM
Tá rudai giota beag ciúin anseo.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Frank Casey on February 14, 2008, 11:34:29 PM
Quote from: Farrandeelin on February 10, 2008, 12:28:40 PM
Is í an difríocht is mó idir Gaeilge Thír Chonaill agus Gaeilge na Mumhan ná go bhfuil an béim curtha ar an dara siolla i bhfocail i gCúige na Mumhan agus tá an béim curtha ar an gcéad siolla i dTír Conaill, cosúil linne i gConnacht. Ach is é an fuaim is deacra a thuiscint ná an 'á' i dTír Conaill. Níl an fuaim sin cosúil leis an 'á' i gConnacht nó i gCúige na Mumhan ar chor ar bith. Maidir le Jarlath Burns, tá mé in ann é a leanúint gan mórán fadhbanna.

Cosuil le peil gan smal agus and peil dorcha!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on February 15, 2008, 11:27:32 AM
Quote from: hardstation on February 13, 2008, 04:57:48 PM

Beidh aonach amárach i gContae an Chláir


Cheap mé go raibh Aonach i dTiobraid Arainn ?  :D
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Lar Naparka on February 27, 2008, 11:50:21 AM
 5 Sams, níl rud ar bith as cóir le do chuid Gaeilge- tugim fein gach ní atá scríobhtha agat.
(Táim i ndon gach a deireann Jarlath Burns a thuiscint freisin, cé nach n-aontaíom leis uaireanta)
Silim go bhfuil sé easca go leor do mhuinitir an Iarthair canuint agus scribhinn an Tuascairt agus an Deiscairt freisin a thuiscint
Gan dabht, ta deacreachtai idir eatharúach ach tarlíonn an fadhb sin i mBearla comh maith.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: dodo on February 27, 2008, 04:33:31 PM
Gaeilge iarthair na hEireann ata agamsa. Maidir le gaeilge o na cheantair eile, tuigim cad ata le ra acu, comh fada is nach labharann siad ro thapaidh. Silim fein go bhfuil muintir Ghaoth Dobhair deachar leanuint nuair a bhionn siad ag caint eadru fein agus muintir an deiscirt easca tuiscint.
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on February 27, 2008, 04:39:14 PM
Quote from: dodo on February 27, 2008, 04:33:31 PM
Gaeilge iarthair na hEireann ata agamsa. Maidir le gaeilge o na cheantair eile, tuigim cad ata le ra acu, comh fada is nach labharann siad ro thapaidh. Silim fein go bhfuil muintir Ghaoth Dobhair deachar leanuint nuair a bhionn siad ag caint eadru fein agus muintir an deiscirt easca tuiscint.

Sílim fhéin gurb é an rud céanna i gcibé áit agus i gcibé teanga.... an Ghaeilge nó Bearla.

Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: TacadoirArdMhacha on February 27, 2008, 07:43:50 PM
Cá bhfuil an ait is fearr i mBeal Feirste chun ceachtanna gaelige a fháil? Bhí caighdéan ard agam nuair a d'fhág mé an scoil ach níl sé chomh mhaith anois. B'fhuath liom é a chailiú  a choir a bheith.   
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on February 27, 2008, 10:40:01 PM
Céard faoi An Chultúrlann ar bóthar na bhFál a Thacadoir? Níl a fhios agam go deimhín, ach sílim go mbeadh seans maith ar an áit sin, a dhéarfainn.

Déan teagmháil le Lára ag 028 9096 4180 nó ag:  oifigfailte@culturlann.ie (ón suíomh idirghréasán: www.culturlann.com)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: dodo on February 28, 2008, 02:24:32 AM
Quote from: 5 Sams on February 27, 2008, 04:39:14 PM
Quote from: dodo on February 27, 2008, 04:33:31 PM
Gaeilge iarthair na hEireann ata agamsa. Maidir le gaeilge o na cheantair eile, tuigim cad ata le ra acu, comh fada is nach labharann siad ro thapaidh. Silim fein go bhfuil muintir Ghaoth Dobhair deachar leanuint nuair a bhionn siad ag caint eadru fein agus muintir an deiscirt easca tuiscint.

Sílim fhéin gurb é an rud céanna i gcibé áit agus i gcibé teanga.... an Ghaeilge nó Bearla.



Tuigim go maith ceard ata a ra agat, ach dom fein ta gaeilge Ciarrai nios easca tuiscint na gaeilge Tir Chonaill.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on May 30, 2008, 11:35:25 PM
Aon scéal anseo ar bíth a chairde? ;)? Thit an snáth seo an-íseal ar fad ar fad, in islé brí nach ea! Cardáil... ar a laghad!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on May 30, 2008, 11:46:41 PM
Quote from: hardstation on May 30, 2008, 11:38:05 PM
Quote from: Fear ón Srath Bán on January 11, 2008, 09:42:57 PM
Quote from: hardstation on January 11, 2008, 09:26:07 PM
Glanfaidh Aontroim suas i mbliana.

Ca bhfuil an dhochtúir, éigeandáil anseo!?

f**k up!

  :D :D

An bhliain seo chugainn a chara,  an bhliain seo chugainn, go deo! 
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on May 30, 2008, 11:57:03 PM
Quote from: hardstation on May 30, 2008, 11:48:57 PM
... bainfidh Laochra Loch Lao Comortas Peile na Gaeltachta.

Sin an spiorad!
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on May 31, 2008, 12:15:01 AM
Quote from: hardstation on May 30, 2008, 11:48:57 PM
Ni shilim e. Ach bainfidh Laochra Loch Lao Comortas Peile na Gaeltachta.

Joe Boyle, aris? Cocker Spaniel?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on May 31, 2008, 12:23:58 AM
2007:

Don chéad uair riamh bhí foireann as Co Aontroma páirteach i gComórtas Peile
na Gaeltachta a ritheadh i mBéal Átha'n Gaorthaigh deireadh seachtaine
Cincíse.

Cuireadh an-fháilte go deo roimh Laochra Loch Lao sa cheantar féin agus ar
pháirc na himeartha sular imir siad Lios Póil as Contae Chiarraí.

Ní raibh mórán idir na foirne sa chluiche seo.  Bhí ceithre bhomaite fághta
ar an chlog agus Lios Póil dhá chúilín chun tosaigh nuair a d'aimsigh Séamus
Ó Tuama as Cumann Naomh Pól Bóthar Seoighe cúl cinniúna a thug na laochra
fríd chuig an dara babhta.

Arís eile bhí cluiche thar a bheith cothrom acu le foireann as Oileáin
Árainn.  Chríochnaigh an dá fhoireann ar chomhscór agus imríodh am breise
sular cuireadh deireadh le haislingí mhuintir Bhéal Feirste.

Ach má cuireadh, chuir lucht leanúna Árainn agus muintir na háite an-fhailte
rompu agus iad ar a mbealach ar ais chuig na seomraí feistis.

Thuig Laochra Loch Lao ag an phointe sin go raibh siad páirteach i rud atá i
bhfad níos tábhachtaí ná cluiche peile.

Níl dabht ar bith go mbeidh siad páirteach arís sa chomórtas an bhliain seo
chugainn.  Tugann na himreoirí buíochas do na hoifigigh uilig a d'oibrigh
chomh dian sin chun foireann a chur le chéile.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on May 31, 2008, 12:27:07 AM
(http://farm3.static.flickr.com/2164/2536783067_29f1b17206.jpg?v=0)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: dodo on May 31, 2008, 02:44:55 AM
Quote from: hardstation on May 31, 2008, 12:38:17 AM

(http://file031b.bebo.com/7/large/2007/07/20/14/4410065480a5030831397l.jpg)




Cad atá í lámh an dara fear ó chlé sa phictiúir sin ?

???  :o
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on May 31, 2008, 11:57:34 AM
Quote from: dodo on May 31, 2008, 02:44:55 AM
Cad atá í lámh an dara fear ó chlé sa phictiúir sin ?

???  :o

;D
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: orangeman on May 31, 2008, 09:01:36 PM
Quote from: Fear ón Srath Bán on May 31, 2008, 11:57:34 AM
Quote from: dodo on May 31, 2008, 02:44:55 AM
Cad atá í lámh an dara fear ó chlé sa phictiúir sin ?

???  :o

;D

;) ;D
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fíor Gael on June 04, 2008, 06:34:53 PM
Cad é mar a d'eirigh na laochra ag comortas peile na gaeltachta i mbliana?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on December 17, 2008, 08:16:55 AM
La Nua finishes on Friday.

Is this new: http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on December 18, 2008, 01:00:22 AM
Quote from: hardstation on December 17, 2008, 09:10:06 PM
Ach well, at least we did our best.

Ar mhaith leat a bheidh crosta ár an chlár seo arís?  ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on December 18, 2008, 07:18:39 PM
Was stuck on crosta. Thrown?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on December 18, 2008, 07:24:56 PM
Quote from: ONeill on December 18, 2008, 07:18:39 PM
Was stuck on crosta. Thrown?

Banned (hardstation had it).
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on December 18, 2008, 10:04:09 PM
Ar abhar eile  ;) ;)chim go bhfuil an fear sin Conal O Mairtin as an Eaglais ag deanamh cur sios ar na cluichi ar TG4 na laethanta seo. Fear a bhfuil scoth na Gaeilge aige agus ta se ag deanamh job iontach. Bhi se ar an clar sin faoi Cormac in eineacht le Mark Harte agus dearthair Chormaic Donal fosta.

Rud amhain eile...ta me ag deanamh gurb as an Ghaeltacht Mairtin Beag Mac Aoidh ...an fior sin?....ach nior chuala me ariamh e ag deanamh cur sios tre mhean na Ghaeilge....cad chuige sin?.... duine ar bith a bhfuil aon eolas ar na rudai seo bh'fheidir go mbeidh sibh abalta miniu a thabhairt duinn.....
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on December 18, 2008, 10:05:21 PM
Is ceart go mbeadh HS crosta mar tá sé ag caitheamh masla orainn go léir ag cacáil rudai mar "that oul' Irish shite"
Ar do rothar a Stáisiún Chrua.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on December 19, 2008, 12:32:30 AM
Quote from: 5 Sams on December 18, 2008, 10:04:09 PM
Ar abhar eile  ;) ;)chim go bhfuil an fear sin Conal O Mairtin as an Eaglais ag deanamh cur sios ar na cluichi ar TG4 na laethanta seo. Fear a bhfuil scoth na Gaeilge aige agus ta se ag deanamh job iontach. Bhi se ar an clar sin faoi Cormac in eineacht le Mark Harte agus dearthair Chormaic Donal fosta.

Is fíor duit, Gaeilgoir agus anailísí den chéad scoth atá ann, is é sin Conal Ó Martáin.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on December 21, 2008, 04:49:39 PM
Póg ar thóin.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on December 23, 2008, 08:47:20 PM
Beannachtai na Nollaig ag achan Gaeilgoir anseo....bh'fheidir go dtiocfaidh feabhas ar an snath seo ar an bhliain seo chugainn.......bainigi sult as an sos.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on December 23, 2008, 09:09:41 PM
That's elitist.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on December 23, 2008, 09:19:25 PM
....oh alright then...a Happy Christmas to all youse hoors who can only speak English as well....


Sasta anois??? ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ONeill on December 23, 2008, 10:02:26 PM
What about the French and Ulster Scots?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on December 23, 2008, 10:22:06 PM
"Joyeux Noël" agus "hae yersels a wile gud yule"

Only guessing at the Ulster Scots though ;D ;D
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on January 09, 2009, 11:58:32 PM
Ní thuigim "cad e mar ata tu" ???(What is it you are??)

Ceapam a mhagairle go bhfuil tá ag tógáil an mhícheál  :D
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on January 10, 2009, 02:14:23 AM
An bhfuil tu ar meisce Staisuin Crua??
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on January 10, 2009, 02:38:05 AM
Beagnach...ta cupla pionta ar bord agam..ach an rud ata ann ...nuair bhionn duine inteacht ag tabhairt freagra da cheist fhein bionn dabht beag buideacht ann ??? ???
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on January 10, 2009, 03:43:01 PM
Tá dul chun cinn maith agat a Chruastáisiúin.
Lean ar aghaidh agus beidh tú i d'éireannach lá éigin.  ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Laoch on January 11, 2009, 12:28:59 PM
Ta an gluaiseanna seo an-mhaith, nach bhfuil?

http://www.cgl.ie/gluaiseanna/index.html
Title: Seo Spoirt
Post by: 5 Sams on January 30, 2009, 11:41:05 PM
Duine ar bith eile ag amharc ar an clar seo anocht ar TG 4?
Shil me gur clar measartha maith e agus go ndearna Dara job iontach mar láithreoir..
Baruil ar bith agaibh?

Mo bharuil...
Nil me ro chinnnte fa SBB.....ag iarraidh a bheith conspóideach an tam ar fad....

scoth na Gaeilge ag T O Flathartha...an cainteoir duchais e?? 
Ach rud amhain...Ta Ultach de dhith orthu ar an clar....Ta fhios agam go bfhuil sibh ag amharc isteach TG4...bain triall as...ach amhain sin ....tus maith...maith sibh mar is gnath 


Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on January 30, 2009, 11:47:45 PM
Níor chonaic me é anocht a 5 Sams, ach go raibh maith agat as ucht do achoimre.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on January 31, 2009, 12:01:36 AM
Beidh Dara i gceannas gach oiche Aoine as seo amach...clar measartha maith e.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: dodo on January 31, 2009, 12:11:11 AM
Ní fhaca mé an clár ach an oiread, is as gaeltacht Ciarraí Tomás Ó Flatharta agus togadh leis an gaeilge é.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on January 31, 2009, 12:19:19 AM
Quote from: dodo on January 31, 2009, 12:11:11 AM
Ní bhfaca mé an clár ach an oiread, is as gaeltacht Ciarraí Tomás Ó Flatharta agus togadh leis an gaeilge é.
Shil me gur fear na gaeltachta e...ach ta ultach de dhith ar an chlar...
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on January 31, 2009, 01:19:49 AM
Mar ábhar speis ...an bhfuil  cainteoiri dúchaise ar bith againne ar an snath seo??
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Bod Mor on January 31, 2009, 01:37:46 AM
Quote from: 5 Sams on January 31, 2009, 01:19:49 AM
Mar ábhar speis ...an bhfuil  cainteoiri dúchaise ar bith againne ar an snath seo??

Ceann amháin anseo go bhfóire dia orainn.
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on January 31, 2009, 01:47:15 AM
Ta neart agaibh beo a mhic...bail o dhia oriabh.
Title: Re: Seo Spoirt
Post by: 5 Sams on February 13, 2009, 11:46:29 PM
Quote from: 5 Sams on January 30, 2009, 11:41:05 PM
Duine ar bith eile ag amharc ar an clar seo anocht ar TG 4?
Shil me gur clar measartha maith e agus go ndearna Dara job iontach mar láithreoir..
Baruil ar bith agaibh?

Mo bharuil...
Nil me ro chinnnte fa SBB.....ag iarraidh a bheith conspóideach an tam ar fad....

scoth na Gaeilge ag T O Flathartha...an cainteoir duchais e?? 
Ach rud amhain...Ta Ultach de dhith orthu ar an clar....Ta fhios agam go bfhuil sibh ag amharc isteach TG4...bain triall as...ach amhain sin ....tus maith...maith sibh mar is gnath 




Maith sibh Seo Spoirt...is leir go bhfuil sibh ag coinneal suil gear ar an snath seo ;) ;) ;D

Bhi Conal O Mairtin ar an clar anocht....lean ar aghaidh lads


Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on March 20, 2009, 10:28:50 PM
Duine ar bith beo amuigh ansin????

Chiall muid seacthain na gaeilge...fiu gur coicís  a bhi ann :D

Suim ar bith ag duine ar bith an snath seo a athbheochan....
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on March 20, 2009, 11:47:11 PM
LDA,
Tuigim an cuid is mo den stuff ata scriofa agat ach ta me caillte leis an abairt seo:


air sgath soidhnichean rathaid da chananach??
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on September 13, 2009, 12:14:54 AM
Duine ar bith beo amuigh ansin???
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on September 13, 2009, 10:30:40 AM
Bhuel tá mé beo measaim!!! Fiú amháin go raibh cúpla troid ar na sráide Béal an Átha aréir... 'Handbags' an cur síos ceart a bhí orthu is dócha.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: ardmhachaabu on September 13, 2009, 11:16:11 AM
Quote from: Farrandeelin on September 13, 2009, 10:30:40 AM
Bhuel tá mé beo measaim!!! Fiú amháin go raibh cúpla troid ar na sráide Béal an Átha aréir... 'Handbags' an cur síos ceart a bhí orthu is dócha.
Tharla rud inteach mar sin gach uair a chuir mé cuairt ar an áit
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on September 13, 2009, 06:24:40 PM
Táimid beo i gCo De Híde freisin.  :)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: seafoid on September 14, 2009, 08:16:21 PM
Quote from: Lamh Dhearg Alba on March 21, 2009, 12:57:50 AM
Quote from: 5 Sams on March 20, 2009, 11:47:11 PM
LDA,
Tuigim an cuid is mo den stuff ata scriofa agat ach ta me caillte leis an abairt seo:


air sgath soidhnichean rathaid da chananach??

ar fheabhas ar fad. Car fhoghlaim tu do chiud  Gaidhlig ? Do bhi me in Inbhir Nis cupla blian o shin agus thainig me ar learscail d'alba ina raibh gach aimn i nGaidhlig agus bhi se fior shuimiul ar fad. Ta ainm Celiteach ag an-chuid de sna bailte i Sasana freisin.   
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on February 17, 2010, 04:24:00 PM
Ar ais arís go dtí barr an leathanaigh leis an snáth seo. Tugaim faoi deara nach bhfuil aon iarracht déanta ag na daoine nua Gaeilge a labhairt/scríobh anseo agus cuireann sé sin brón orm.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Canalman on February 17, 2010, 05:03:39 PM
Chun an fada a chruthú ar an ríomhaire......... brú ctrl agus alt agus an litir ag an am céanna.

Slán go fóill.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: IolarCoisCuain on February 17, 2010, 06:06:02 PM
Quote from: Farrandeelin on February 17, 2010, 04:24:00 PM
Ar ais arís go dtí barr an leathanaigh leis an snáth seo. Tugaim faoi deara nach bhfuil aon iarracht déanta ag na daoine nua Gaeilge a labhairt/scríobh anseo agus cuireann sé sin brón orm.

Ach cad a scríobhfaidís faoi a Fharrandeelin? Tá an teanga againne, tinn cinnte ach beo fós, agus tá sí níos láidre i saol an phobail ná mar a bhíodh roimh an 19ú h-aois, idir Gaeilscoileanna agus TG4 agus rudaí eile, ach níl fios againn fós cad a ndéanfaimid léi. Ní rachaidh sí ar ais i mbéal an phobail, mar gnáth-theanga, táim lán-chinnte faoi sin, ach bhí gach rud i ngluaiseacht na Gaeilge leis na céad bliain atá imithe bunaithe ar an mbrionglóid sin. Cá rachaimid anois agus an radharc sin caillte againn?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on March 05, 2010, 09:32:19 PM
Quote from: hardstation on May 12, 2007, 12:54:25 AM
An raibh duine ar bith ag amharc ar Seo Spoirt anocht? Bhain cara domsa (Albert Fry) an comortas an tseachtain seo chuaigh thart de reir Gemma ach nior chuir siad sceal chuige. Cade mar a dtig leis an duais (gaoth dobhair spake) a claimail? A thairaint chuige fein ('acha'n ait eile spake).
In case someone else knows. A friend of mine (Albert Fry) won the competetion on Seo Spoirt on TG4 and hasn't recieved any confirmation only that Gemma read it out on the show. How can he claim his prize??

An sin an Albert Fry ceanna a bhi ar Chomhra areir ar TG4?
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on March 05, 2010, 10:34:06 PM
Quote from: hardstation on March 05, 2010, 09:44:44 PM
Is é.
B'agallamh maith sin. Chuir me aithne air na blainta o shin i Rann na Feirste. Ni raibh fhios agam gur peileadoir e.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on January 08, 2011, 12:25:30 AM
Duine ar bith beo?? Ar ais ar bharr...
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear ón Srath Bán on January 08, 2011, 12:40:15 AM
Duine ar bith anseo, cad a tharla a chara?  ;)
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on January 08, 2011, 02:27:22 PM
Mise beo freisin.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Tatler Jack on January 08, 2011, 10:21:09 PM
http://www.beo.ie/alt-dan-mor-laoch-mor-iomana.aspx

Píosa léitheoireachta
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: spectator on January 09, 2011, 11:07:04 PM
Nuair a dhúisigh mé sa mhaidin bhí an ghrian ag taitneamh sa spéir, ní raibh scammall ar bith le fheicáil agus bhreathnaigh sé domsa go mbeadh lá álainn againn. Chuir sé gliondar i mo chroi freisin mar shocraigh mé cúpla lá fadó an turas go Ballyforan a dhéanamh chun na Rossies a fheicáil ag imirt in aghaidh GMIT. Níl turas ghearr é sin domsa, ach b'shin é an cluiche tosaithe í 2011 agus tar éis sos mór gan peil chontae fosta, cad a bhí le dhéanamh ag fear ach an bhlian nua a thosaithe le cluiche. Bhuel, bhí me ag ithe mo bhricfeasta agus an radió áitiúil í mo cheantar ag seinm sa chúlra, nuair a d'eist me go raibh na boithre ar an mbealach go dtí an iarthar ana contúireach ar fad le oighre dubh. Dúirt an láithreoir radió go raibh a lán carranna sa gclaí ar an dtreo agus thug se rabhadh amach go raibh sé seafóideach bheith ag taisteal agus na boithre chomh dona mar a bhí siad. Í ndairire, nuair nach raibh mé sasta leis an nuacht sin a chloistéail, ghabh me búiochas ciúin ag an láithreoir radió don an eolas. Ní raibh aon rud le dhéanamh ach an turas a chur ar ceal. Ní raibh sé sláinte an turas a rinne, sin sin. Ach an rud ata ag chuir beagán isteach orm... d'fheach mé ar na suíomh idirlion eagsúla níos luaithe, an suíomh offiguil clg na Rossies, Aertel srl ach ní raibh aon fógra ar bith le fheicáil go raibh an cluiche ar ceal. Feicim anois ar an suíomh seo go raibh sé an scéal céanna le cluichí eile inniu. Na Laythrumites ag dul go Ballyhaunis agus na Dubs ag dul go An Iarmhi. Níl me cinnte cén fath a tharla sé leis na truir cluichi inniu, ach ar aon nós níl sé go maith. Tá an easpa cinneadh luath a dhéanamh agus easpa an t-eolas seo a chuir amach go dtí an phobail ag cur isteach ar na h-imreorai agus na lucht féachanna. Cé go raibh an t-adh orm go chúala me an fógra faoin oighre ar an mbothar i mo cheantar roimh tosaithe mo thuras fhéin, is soléir é nach raibh an t-adh sin ag a lán daoine eile ar fud na tire inniú. Mo bhrón daoibh... cad é an freagair i bhur thuarim?
Title: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on July 21, 2011, 08:04:05 PM
An raibh duine ar bith eile ag amharc ar "Comhra" le Mairtín trathnóna seo ar TG4. Bhí sé ag caint le Hughie Eibhlín Ó Duibheannaigh as Rann na Feirste...scéal dochreidte  :o :o
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on July 22, 2011, 02:38:22 PM
Quote from: 5 Sams on July 21, 2011, 08:04:05 PM
An raibh duine ar bith eile ag amharc ar "Comhra" le Mairtín trathnóna seo ar TG4. Bhí sé ag caint le Hughie Eibhlín Ó Duibheannaigh as Rann na Feirste...scéal dochreidte  :o :o

Ní raibh mise, céard a bhí le phlé acu? ???
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear Bun Na Sceilpe on July 23, 2011, 12:21:22 AM
5 sams - cad é a bhí siad ag plé, d'fhán mé i Rann Na Feirste cúpla uair agus bheadh suim agam sa scéal sin
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: 5 Sams on July 23, 2011, 02:53:04 PM
Bhí siad ag caint faoi shaol Hughie. Bhí sé posta trí huaire. Bhí sé ina chónaí i Sasana, ag obair sna"tunnels" agus bhí £200 sa seachtaine aige sna 70s. Ansin bhog sé go Meiricea agus bhí neart airgead a shaothrú thall ansin aige fosta.

Ach is é an rud atá ann na gur ól sé an cuid is mó den airgead. Duirt sé go raibh leath buidéal aige ag am bhricfeasta , ceann amhain eile ag am tae, ceann amhain eile am lóin, agus araile.....agus é ag obair mar siúinéir ar dhíon :o :o

Doiligh a chreidbheal go bhfuil sé beo go fóill.

Tá an clár ar fáil anseo.

http://beo.tg4.ie/main.aspx?content=627827970049
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on February 22, 2020, 11:59:23 PM
Quote from: IolarCoisCuain on May 29, 2007, 08:35:03 PM
Níl mórán le rá agamsa a stócaigh, ach bhí an snáithín seo ag titim síos beagán agus sílimse féin gur chóir duinn an Ghaeilge a choinnéal ar an gcéad leathanach más fhéidir linn. Baineann níos mó leis an gCLC ná na cluichí amháin. ;)

Bhí mise ag breathnú siar ar mo chuid ráiméis a bhí scríofa agam thart deich mbliana ó shin, (i ngach snáth). Theip orainn uilig an snáth a choimead ar an gcéad leathanach, mar a dúirt ICC i 2007.

Is dócha go gcreideann sibh go bhfuil me as mo mheabhair an snáth so a aiseiriú. ;D
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on February 23, 2020, 12:35:57 AM
Déanaimid cuile rud ar son na Gaeilge ach í a úsáid no a labhairt.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Fear Bun Na Sceilpe on February 23, 2020, 02:24:57 AM
Ní bhfuair muid Acht na Gaeilge, agus níl mórán ráite faoi
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: dec on March 14, 2022, 03:33:14 PM
An úsáideann éinne https://www.foclach.com/ wordle as Gaeilge
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: An Astrail on March 15, 2022, 01:04:10 AM
Quote from: dec on March 14, 2022, 03:33:14 PM
An úsáideann éinne https://www.foclach.com/ wordle as Gaeilge

Tá. Mar fhoghlaimeoir is iontach an stór focal é, le cabhair ón bhfoclóir ar ndóigh.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Farrandeelin on March 15, 2022, 10:56:22 AM
Quote from: dec on March 14, 2022, 03:33:14 PM
An úsáideann éinne https://www.foclach.com/ wordle as Gaeilge

Ní usáideann mise é, ná wordle i mBéarla, ná heardle ná aon ceann de na 'les'. B'fhéidir gur chóir domsa triail a bhaint as foclach le haghaidh snas a chur ar an méid ghaeilge atá agamsa.
Title: Re: Snáth Gaeilge
Post by: Rossfan on March 15, 2022, 11:02:42 AM
An féider linn an snáth seo a choimeád beo as seo amach?