Seachtain na Gaeilge - Doire in aghaidh Maigh Eo, Doire

Started by IolarCoisCuain, March 08, 2010, 01:14:06 PM

Previous topic - Next topic

IolarCoisCuain

Seans go raibh fios ag John O'Mahony ceanna seo gurbh fada í seachtain i gcúrsaí polaitiúla - an mbeidh sé ar an dtuairim céanna maidir le cúrsaí peile an Domhnach seo chugainn?

Bhí Maigh Eo faoi lánsheol aige ag leath-uair tar a dó ag Johnno inne. Uair agus leath níos déanaí, bhí an bua ag Áth Cliath agus lucht tacaíochta Mhaigh Eo buartha arís maidir le easpa cruinneas tosaithe Maigh Eo, an sean-fhadhb go deo acu.

Is cúis buartha mór é an turas thuas go Doire an Domhnach seo chugainn. Thug Doire buille mór ar Maigh Eo sa gCraobh Chúl Dorais i 2007, an chéad séasúr ina raibh Johnno fillte le Maigh Eo. Dúirt Joe Brolly tar éis an cluiche gur chuir Michael McGoldrick Conor Mortimer isteach ina phoca, agus gan le n-ithe ag Conoirín bocht ach tuthóga. Crua go leor, ach bíonn an lom-fhírinne crua i gcónaí.

Tá lán-chúlaí brea ag Doire i Kevin McCloy, Fergal Doherty i lár na páirce acu agus Paddy Bradley ina cheannaire i measc na tosaithe. Beidh Doire reidh chun oibre ar a bhfód féin - mo bhrón, ach is dócha go bhfuil lá fada eile i ndán don gContae Mhaigh Eo.

seafoid

Lar Naparka

Quote from: IolarCoisCuain on March 08, 2010, 01:14:06 PM

Mar is gnáth, a Iolair, tá an ceart agat faoi cúrsaí pholaitíochta—agus cúrsaí peile chomh maith. Nílim ró bhuartha faoi eachtraí an lae inne Tarlaíonn a leithid ó am go h-am. Ta siúil  agam go bhfuil Johnno chomh braon buartha le lucht leanúna Mhaigh Eo. Múna bhfuil, beidh deireadh linn go léir.
Ni feidir morán eile a rá faoi'n gcluiche úd inné. Bhí seift planálta ag Pat Gilroy agus d'eirigh leis go rí-mhaith. Ní chuirfinn an lucht go léir ar O'Mahony acht bhí sé soiléir go leor nach raibh Plan A fiú amháin aige,  gan bacadh le Plan B, nuair a chúlaigh na Dubs arís 's arís eile agus thosaigh ár leads ag tóiníocht thart os chomair na postaí – an sean, sean fhadhb tagtha ar ais.
Inseóidh an Domhnach seo chugainn a scéal féin. Ligim chead a gcinn do'n dream go léir go bheicfimid na torthaí. Ní féidir tada eile a rá leis an mbainisteoir agus an fhoireann: tá fhios acu go léir an fadhb atá ann. Go n-éirí leo go léir.
Nil Carborundum Illegitemi

muppet

MWWSI 2017

seafoid

Seafoid ach cliste a dhothain nuair a bhionn suim acu sa pheil, rud nach bhfeicim i Maigh eo, ochon is ochon o.
Ach beidh la eigin i bpairc an chrocaigh ag Maigh eo, le cunamh De.   

macdanger2

Ní raibh me ag an gcluiche in aghaigh in muintir na gcaithreach ach chonaic mé é ar an teilifis anocht.....soléir go bhfuil na fadhbanna céanna againn i lár na bpáirce agus ins an líne lár cúlaithe.

Cinnte go gcaithfidh Johnno seans a thabhairt do Feeney ag uimhir a 3 agus Caff ins an cúinne? Nó bhféidir dhuine éigin eile ag lán cúlaí - Conroy?

Cé a mbeidh i lár na bpáirce de domhnaigh i Doire le Parsons? SO'S? Beidh la dian acu in aghaidh Doherty.....

Cád é an scéal le Kilcoyne, an bhfuil bhfios ag éinne? Cá bhfad eile a mbeidh sé as imirt?

ross4life

Doire Is Away le fixture deacair do na buachaillí Mhaigh Eo, beidh ronaldson fós a dhéanamh?

An Mhaigh Eo a bheith páirteach freisin i faoi 21s ar an 17ú amhlaidh buille faoi thuairim i mbeidh siad siúd a chuid imreoirí
The key to success is to be consistently competitive -- if you bang on the door often it will open

OirthearMhaigheo

aontaím leatsa macdanger, bhí na fadhbanna céanna againn i gcoinne Átha cliath. Bhí cluiche réasúnta maith ag Caff, ach faoin liathróid ard bhí saghas scaoll nó práinne gach uair, sin mar a bhí i 2006.
Caithfidh Johnno plean B a fháil chun an Blanket defence a láimhsheáil, ní raibh muid in ann an córas sin a bhriseadh síos Dé Domhnaigh. Ní dóigh liom go bhfuil an córas céanna ag Doire agus i ndáiríre, caithfidh muid an bua a fháil, seachas sin, tá seans go mbeidh muid faoi bhrú le haghaidh na turais go Corcaigh agus Ciarraí. Ceapaim go bhfuilimid beagáinín níos láidre ná Doire go ginearálta agus táim dóchasach go mbeidh an bua againn

Tatler Jack

Cluiche an-tábhacht do Mhaigh Eo tar éis toradh an cluiche v BAC. Beidh sé deacair. An mbeidh Aidan O Sé ag imirt? Doire dar liomsa ach ní beidh mórán eatarthu.

Tatler Jack

Quote from: JohnDenver on March 09, 2010, 08:51:49 AM
Ta se fuar agus fluich.

Má tá sé fuar is fliuch John tabhair amach é agus leag amach é cois tine. Beidh sé tirim is te tar éis tamall beag is réidh don úsáid arís!! ;)

southsidejohnny

Muigheo. Dia agus Muire Linn . Tideal atá muid fior brodiul as.

moysider

Tá sé deacair a rá cad a tharlóidh sa ceann seo. Is annamh a bhíonn an bua ag éinne thuas i bPáirc Cheilteach. Na ciceanna saora an rud is mó atá in aghaidh Mhaigh Eo. Beidh MacAireachtaigh as láthair freisin chomh maith le Peadar Gairnéir. Is dócha go mbeith Mac An Pharsúin agus O Sé í lár na páirce agus beidh sé suimiúil conas a n-éireoidh leo. Níl a lán rogha againne i lár no páirce anois agus Ó hAirt fós in easnamh. Ba mhaith liom Barra Ó Moráin bheith ar ais sa líne lán tosach. D imir an Ó Sé níos óige níos fearr taobh leis an fear ard eile.

IolarCoisCuain

Quote from: moysider on March 12, 2010, 08:02:05 PM

Tá sé deacair a rá cad a tharlóidh sa ceann seo. Is annamh a bhíonn an bua ag éinne thuas i bPáirc Cheilteach. Na ciceanna saora an rud is mó atá in aghaidh Mhaigh Eo. Beidh MacAireachtaigh as láthair freisin chomh maith le Peadar Gairnéir. Is dócha go mbeith Mac An Pharsúin agus O Sé í lár na páirce agus beidh sé suimiúil conas a n-éireoidh leo. Níl a lán rogha againne i lár no páirce anois agus Ó hAirt fós in easnamh. Ba mhaith liom Barra Ó Moráin bheith ar ais sa líne lán tosach. D imir an Ó Sé níos óige níos fearr taobh leis an fear ard eile.

Is fíor duit faoi gach rud anseo a Chois Muaidhe, ach nílim féin ró-bhuartha. Is dócha go mbeidh an dúshlán ró-mhór os comhair Mhaigh Eo anocht nach ní bhacaim ró-mhór le cúrsaí Sraithe. Ní dóigh liom go dtitfidh Maigh Eo ó Roinn 1, agus má thiteann, nílim ró-bhuartha ach an oiread. Roinnt foireann maith i Roinn 2 faoi láthair, an Dún agus Cill Dara ach go h-áirithe. Tá áiteanna níos measa ná Roinn 2 ann.

Maidir leis na ciceanna saoire, beidh an dualgas ar Mhac Giolla Cuain nuair a fhilleann sé ar ais sa samhradh. Tá sé cumhachtach go leor, ach teipeann ar an misneach aige mura n-éiríonn go maith leis ag tús cluiche. Nó theipeadh, le cúnamh Dé, agus beidh sé ceart go leor anois. Bhí bliain maith aige anuraidh, agus tá air anois dul chun cinn arís, agus a ghreim a choinneáil ar a gheansaí.

Tá an seans céanna ag cúpla fear anocht, a láimhe a chur suas agus iadsan a chur san áireamh an samhradh seo chugainn. Tá súil agam go gcuirfear suas na láimhe mar, i ndáiríre, mura gcuirfear ní bheith áit againne i measc boic mhóra na peile. Tá an scéal chomh shimplí sin.