Foireann Mhaigh Eo – cén dul chun chinn an bhliain seo? Snáth Gaeilge

Started by Tatler Jack, July 19, 2011, 11:56:26 AM

Previous topic - Next topic

Tatler Jack

Bhuel a bhuachaillí Mhaigh Eo tá an beart déanta agus craobh cheannais Chonnachta bainte amach agaibh ach bhfuil sibh ar an mbothar ceart? Gan dabht tá sár-obair deanta ag Horan agus ar an Domhnach seo caite bhí an fhoireann macánta, díograiseach agus aclaí. Ach ní raibh mórán splanc nó cruthaíocht le fheiceáil – glacaim go raibh an aimsir go –h-ainnis.
An cheist atá agam nó an bhfuil Horan ag tógáil foireann nua nó an bhfuil sé ach "steadying the ship" an bhliain seo? Cé go raibh Maigh Eo cuíosach maith ní bhfaca mé aon rud a thabhairt le fios  go mbeadh Sam "coming home to Mayo"  go luath.

B'fhéidir go bhfuil dul amú orm!!!!  :-\

IolarCoisCuain

A Thatler, a chara, ná bac le Sam fós. Ní cheart d'aon fhoireann bheith ag súil ar peil Meán Fómhair agus bóthar agus bata tughta dóibh ó Shilgeach agus ó Longfort anuaraidh.

Ach tá an fhoireann ar an mbóthar ceart faoi James Horan, táim sásta go leor faoi sin. Bhí roinnt bladar ó Johnno maidir le adh-tógálaíocht na foirne, ach tugadh foireann dó - bhí foireann 2004-'06 níos giorra ná mar a thuigtear futhu. Ach in ionad é sin a ghlacadh agus dul chun cinn as sin, feachtas breá glórmhór eile, rinneadh scríos ar an bhfoireann, cuireadh Mac an Bhaoil chun bóthar agus bhí foireann ann i ngan fíos cé h-iad. Bhíodar mar cearca gan cinn an samhraidh seo caite.

Chuir Horan stop ar sin go léir. D'athraigh sé a fhoireann i ngach cluiche sráithe, ar thóir a fhoireann is fearr agus ag tabhairt seans do gach éinne. Lig sé fir uaith nach dtabharfadh fíor-iarracht dó agus anois tá a fhoireann féin aige. Sílim gurb é an Domhnach an chéad lá nár athraigh Horan a fhoireann. Is fógra dúinn ó meon Horan é sin.

Tá an fhoireann óg go leor - níl ag Cillian O'Connor ach naoi mbliana déag d'aois, sílim - agus is dócha go bhfuil cúpla stócach eile uathu fós. Ach táim féin ar an tuairim go gcuirfidh siad críoch ar samhradh foirne eile sa laethanta 'tá fághta go dtí go dtagann a ndeireadh féin.

Ach an bhliain seo chugainn, agus fíos ag na stócaigh cad atá uathu chun peil Craoibhe a imirt agus cúpla eile istigh san áireamh - seans go mbeidh foireann ann ansin.

Tatler Jack

Go raibh maith agat Iolar – tá an dóchas at teacht ar ais chugat tar éis na laethanta dorcha!!!
Bhuel aontaím go rinne Johnno praiseach as an fhoireann – an pholaitíocht ag cur isteach ar an spórt!!  Is léir go bhfuil an-dul chinn déanta ag Horan agus bhí an bua ar an Domhnach seo caite fíor-thábhachta i bhforbairt na foirne. Ach fós nílim cinnte go bhfuil ann fós ach grúpa imreoirí a bhfuil díograiseach agus aclaí – cheap mé nach raibh a lán cruthaíocht le feiceáil go háirithe i measc na tosaithe – iad ag obair go dian gan dabht ach easpa samhlaíochta. Rinne Cillian Ó Conchúir sár jab leis na ciceanna saor ach taobh amuigh de sin...?
Shílim go bhfuil sibh ar an leibhéal céanna le Ros Comáin – cheap mé roimh an cluiche go mbeadh sibh i bhfad níos faide ar "slí  na forbartha". Ach b'fhéidir go bhfuil bunús réadúil agaibh anois agus go mbeidh seans agaibh an "holy grail" a bhaint amach gan mhoill!! An bhfuil sibh in ann é sinn a dhéanamh roimh dheireadh ré Enda!!!



moysider

B'fhéidir nach bhfuil dul amú ort Tatler ach aontaím leis an Iolar. Tá sé ró-luath bheith ag caint faoi ' Sam' agus b'fhéidir nach mbeidh an foireann seo maith go leor choíche imirt i gcluiche ceannais, gan bac ar ceann a bhuachaint, ach tá dul chun chinn déanta i mbliana. Cén chaoi nach mbeadh tar éis ré an Pholaiteora.
Tá súil agam go bhfuil roinnt blianta fágtha ag Ronan, Trevor agus Dillon. Tá Andy ag feabhsú an t-am ar fad. Beidh Harte ar ais agus a bhlianta is fearr os a chómhair le cúnamh De. Níl an neart fós ag Freeman nó Doc ach i gceann cupla samhraidh ........ Beidh Aidan agus a dhreathair níos fearr fós. Tá mé cinnte chomh maith nach bhfuil Parsons críochnaithe agus tá peil le h imirt ag Mikey Conroy freisin má bhfuil an suim aige. Beidh Cathal Freeman ann freisin, ta mé cinnte.
Ach tá cúpla peileadóir le fáil againn fós. Tá beirt nó triúr cosantóir den scoth le teastáil againn ag uimhir a 3 agus ag uimhir a 6 go háirithe.
Aontaím leat faoin easpa cruthaíocht agus samhlaiocht sna tosaigh. Tá mé ag rá le fada an lá nach mbíonn uimhir a 11 ceart againn. Ná bí ionadh ort má bhfuil Cillian O Connor ag imirt ansin an Samhraidh seo chugainn. Agus tá an peil agus an samhlaíocht aige. Ceapaim go bhfuil Horan ag smaoineamh é a dhéanamh cheana fein.

Tá mé sásta go mbeidhl an foireann ag éirí i bhfad níos fearr o blian go blian as seo amach.


Lar Naparka

Quote from: Tatler Jack on July 19, 2011, 11:56:26 AM
Bhuel a bhuachaillí Mhaigh Eo tá an beart déanta agus craobh cheannais Chonnachta bainte amach agaibh ach bhfuil sibh ar an mbothar ceart? Gan dabht tá sár-obair deanta ag Horan agus ar an Domhnach seo caite bhí an fhoireann macánta, díograiseach agus aclaí. Ach ní raibh mórán splanc nó cruthaíocht le fheiceáil – glacaim go raibh an aimsir go –h-ainnis.
An cheist atá agam nó an bhfuil Horan ag tógáil foireann nua nó an bhfuil sé ach "steadying the ship" an bhliain seo? Cé go raibh Maigh Eo c*íosach maith ní bhfaca mé aon rud a thabhairt le fios  go mbeadh Sam "coming home to Mayo"  go luath.

B'fhéidir go bhfuil dul amú orm!!!!  :-\

Sílim nach bhfuil dúl amú ar bith ort. Tá bóthar fada, casta le taistil ag James agus a bhuíon fós. Ach tá siad ar slí na fobartha agus ag dul chun chinn gach uair a n-imríonn said.
Tá ré Johnno agus a  bholscaireacht caite. Ta áthas in ár gcroíthe faoi sin. Ní dheahfaidh mé dearmad go de ar an t-úafás agus an scrios a chonaic mé í Sligeach agus í Longfort anuraidh.
Caithfimid bheith foighneach anois.  Níl foireann cruthaithe againn fós ach tá gach seans go mbeidh roimh fhada—an  bliain seo chugainn bhfeidir nó an bliain ina dhiadh sin.
Nil Carborundum Illegitemi

Tatler Jack

Quotean  bliain seo chugainn bhfeidir nó an bliain ina dhiadh sin.

An tréimhse chéanna ina mbeidh foireann Ros Comáin i mbarr a mhaitheasa!! Agus b'fhéidir Gaillimh freisin. Ré orga i ndán do peil i gConnacht. Stádas an Junk thart!!!

QuoteCaithfimid bheith foighneach anois

An bhfuil an treith sin i mhuintir Mhaigh Eo!! Níl sibh chomh foigneach le bhur gcuid comharsan.

In aon chor gúim gach rath oraibh leis an ath-thógail. 

Farrandeelin

Inaugural Football Championship Prediction Winner.

Rossfan

Quote from: Tatler Jack on July 20, 2011, 10:24:31 PM
Quotean  bliain seo chugainn bhfeidir nó an bliain ina dhiadh sin.

An tréimhse chéanna ina mbeidh foireann Ros Comáin i mbarr a mhaitheasa!! Agus b'fhéidir Gaillimh freisin. Ré orga i ndán do peil i gConnacht. Stádas an Junk thart!!!


Le cúnamh Dé.
Ceapaim go mbainfidh Foireann MhuigheoRosthiar geit no dhó as foireann éigin roimh deireadh an rás go dtí Sam i mbliana. ;)
Davy's given us a dream to cling to
We're going to bring home the SAM

spectator

Iontas na n-iontas, ach níl aon caint as na mhuintir Maigh Eo faoi Sam i mbliana fós ;)

Ach i ndairire, tá an cheart acu mar tá a lan fadbhanna le fheicáil tríd an fhoireann ag an am sin, mar a bfhacamur i bPairc de Híde agus mar a mhínigh Moysider níos luaite.

Tá JH ag forbairt foireann nua agus is é sin an chéad blian sa thionscadal. Tá siad fós sa sraith roinn a h-áon agus tá an craobh Connachta buaite acu freisin go dtí sin. Sin tús mhaith sa thionscadal, imo.

An bfhuil na lucht tacaiochta sásta le sin don an chead bhlian agus an mbeidh foighneach acu as sin amach i mblaina?

Ceapaim féin go mbeidh.

Ach, ar an lámh eile, tá fios orthu nach bfhuil siad ach trúir cluichí ón an Holy Grail agus b'fheidir go bfhuil roinnt acu ag brionglóideach cheana ... cén dochar, ar aghaidh libh agus go n-eiri an t-adh libh.

IolarCoisCuain

Quote from: spectator on July 21, 2011, 10:38:28 PM
Iontas na n-iontas, ach níl aon caint as na mhuintir Maigh Eo faoi Sam i mbliana fós ;)

Ach i ndairire, tá an cheart acu mar tá a lan fadbhanna le fheicáil tríd an fhoireann ag an am sin, mar a bfhacamur i bPairc de Híde agus mar a mhínigh Moysider níos luaite.

Tá JH ag forbairt foireann nua agus is é sin an chéad blian sa thionscadal. Tá siad fós sa sraith roinn a h-áon agus tá an craobh Connachta buaite acu freisin go dtí sin. Sin tús mhaith sa thionscadal, imo.

An bfhuil na lucht tacaiochta sásta le sin don an chead bhlian agus an mbeidh foighneach acu as sin amach i mblaina?

Ceapaim féin go mbeidh.

Ach, ar an lámh eile, tá fios orthu nach bfhuil siad ach trúir cluichí ón an Holy Grail agus b'fheidir go bfhuil roinnt acu ag brionglóideach cheana ... cén dochar, ar aghaidh libh agus go n-eiri an t-adh libh.

Mo cheol thú a Spectator. Tá an cheart ag daoine go bhfuill an fhoireann óg go leor agus go rachaidh chun cinn í agus cúpla stócach nua ionti. Ach ag an am céanna, ba chóir cuimnigh nár cheart fanacht ar amárach mar ní thagann amárach i gónaí. Agus an fhoireann beo sa gCraobh fós, ní cheart do Mhuigh Eo an iomarca meas a thabhairt d'aon chontae eile, ach an dushlán a ghlacadh agus imirt chomh maith mar ab fhéidir leo.

Ghearann cánadh peile Chonnacht go smíor dom. Agus táim gearrtha mar tá faitíos orm go dtagann an cánadh ó easpa taighde an lucht cumarsáide in ionad fíor-thuiscint nó fíor-thaigdhe. Tá súil agam go mbogfaidh Ros Comáin nó Maigh Eo casacht éigin nuair a bhfillfidh siad chun catha.

Rossfan

Quote from: IolarCoisCuain on July 22, 2011, 09:41:25 AM
Ghearann cánadh peile Chonnacht go smíor dom.
. Tá súil agam go mbogfaidh Ros Comáin nó Maigh Eo casacht éigin nuair a bhfillfidh siad chun catha.

Táimid ag teacht !!!!
Bhí cluichí peile iontacha den scoth ag fé21 idir MuigheoRth agus (an cuid eile d') Ros i 2008 ,2009,2010 .
Agus ná dhéanaigi dearmad ar na "Scadáin" .. Foireann fé21 den céad scoth acu i mbliana.

Connacht Abú agus Búúúú  Mór do'n Spillanach  :P
Davy's given us a dream to cling to
We're going to bring home the SAM